Cáin Chorparáide

Bonn muirir

Tá dhá ráta Cánach Corparáide (CC) ann:

  • 12.5% d’ioncam trádála
  • 25% d’ioncam ó thrádáil eisiata (mar atá sainithe i gcuid 2 den Acht Comhdhlúite Cánach)
  • 25% d’ioncam neamhthrádála, mar shampla d’ioncam cíosa agus infheistíochta.

Gearrtar CC ar bhrabúis i dtréimhse cuntasaíochta cuideachta. Ní fhéadann an tréimhse seo a bheith níos faide ná 12 mhí. Má athraíonn an ráta cánach sa tréimhse chuntasaíochta, déanfar na brabúis a chionroinnt ar bhonn ama agus gearrfar cáin dá réir.

Ar aghaidh: Rialacha i leith cónaitheacht cuideachtaí