Cáin Chorparáide

Rialacha i leith cónaitheacht cuideachtaí

Rialacha do chuideachtaí atá corpraithe in Éirinn

Féadfaidh sé go bhfeidhmítear rialacha éagsúla cónaitheachta ar chuideachta, ag brath ar cibé acu ar corpraíodh an chuideachta in Éirinn roimh 1 Eanáir 2015 nó dá éis.

Meastar cuideachta a bheith cónaitheach ó thaobh cánach anseo má corpraíodh an chuideachta in Éirinn roimh 1 Eanáir 2015 nó dá éis. Beidh sé seo infheidhme ach amháin má chaitear leis mar chuideachta atá cónaitheach ó thaobh cánach de i dtír eile faoi Chomhaontú um Chánachas Dúbailte.

Má corpraíodh an chuideachta roimh 1 Eanáir 2015, tá idirthréimhse i gceist go dtí 31 Nollaig 2020. Ón dáta seo, measfar cuideachta a bheith cónaitheach ó thaobh cánach de ach amháin má tá sé cónaitheach ó thaobh cánach i dtír eile faoi Chomhaontú um Chánachas Dúbailte.

Tá eisceacht ón riail seo sa chás go bhfuil, tar éis 31 Nollaig 2014, an dá rud seo araon i gceist le cuideachta:

  • athrú úinéirí agus
  • agus
  • mórathrú i nádúr agus stiúir an ghnó.

Sna cúinsí seo, beidh an chuideachta cónaitheach ó thaobh cánach ó dháta an athraithe úinéireachta.

Sular tugadh na rialacha seo isteach, baineadh úsáid as an riail lárbhainistíochta agus stiúrtha le cinneadh a dhéanamh má bhí cuideachta cónaitheach. Measadh cuideachta a bheith cónaitheach más in Éirinn a rinneadh a cuid lárbhainistíochta agus stiúradh. Ba é seo an cás cibé acu ar corpraíodh an chuideachta in Éirinn nó nár corpraíodh. Leanfar den riail seo a bheith infheidhme, ar bhonn idirthréimhseach, do chuideachtaí Éireannacha a corpraíodh roimh 1 Eanáir 2015.

Rialacha do chuideachtaí nach bhfuil corpraithe in Éirinn

Baineann an riail lárbhainistíochta agus stiúrtha le cuideachtaí a corpraíodh thar lear. Má corpraíodh chuideachta i dtír eachtrach agus má dhéantar é a lárbhainistiú agus a stiúradh in Éirinn, tá sé cónaitheach in Éirinn chun críocha cánach.

An tástáil lárbhainistíochta agus stiúrtha

Cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim san áireamh an chéad leibhéal eile is airde stiúrtha chun cinneadh a dhéanamh faoin áit a bhfuil lárbhainistiú agus stiúradh ar siúl. Cuirtear ceisteanna áirithe criticiúla san áireamh sa mheasúnú seo le fáil amach cén áit:

  • a ndéantar beartas na cuideachta a chinneadh
  • a ndéantar cinntí infheistíochta
  • a ndéantar conarthaí móra a shonrú
  • a bhfuil ceannoifig na cuideachta lonnaithe
  • a bhfuil cónaí ar thromlach na stiúrthóirí.

Scor cónaitheachta

Nuair nach bhfuil cuideachta cónaitheach ó thaobh cánach a thuilleadh, measfar gur ag luach margaidh a dhéantar a sócmhainní a dhiúscairt. Ní mór don chuideachta cáin a íoc ar aon ghnóthachain chaipitiúla a fhaightear ón diúscairt, seachas sa chás:

  • go leantar de na sócmhainní a úsáid in Éirinn ag brainse nó gníomhaireacht de chuid na cuideachta
  • go bhfuil an chuideachta á rialáil ag cónaitheoirí Aontais Eorpaigh (AE) nó tír um chánachas dúbailte.

Ar aghaidh: Dlúthchuideachtaí