Cáin Chorparáide

Díbhinní

Ní fhéadtar díbhinní ná dáiltí eile a asbhaint nuair atá brabúis trádala cuideachta á ríomh. De ghnáth, níl aon CC dlite ar dhíbhinní a íocann cuideachta chónaitheach Éireannach amháin le ceann eile. Gearrtar Cáin Iarchoimeádta ar Dhíbhinní (CID) ar fhormhór na gcuideachtaí cónaitheacha Éireannacha a íocann díbhinní amach.

Go ginearálta, bíonn CC dlite nuair a íocann cuideachta neamhchónaitheach in Éirinn díbhinn nó dáileadh eile le cuideachta chónaitheach in Éirinn. D'fhéadfadh ráta níos ísle CC a bheith i bhfeidhm sa chás go n-íoctar díbhinn eachtrach as brabúis trádála agus go gcomhlíontar coinníollacha cáilitheacha eile. Tá treoir maidir leis an bhfaoiseamh seo ar fáil i Tax and Duty Manual 02-02-03a. Tá dáiltí áirithe ó fhoinse eachtrach díolmhaithe ó CC nuair a chomhlíonann siad na coinníollacha cáilitheacha don díolúine rannpháirtíochta.

Ar aghaidh: Caillteanais trádála