Díolúine rannpháirtíochta le haghaidh dáiltí eachtracha áirithe
Féadfaidh cuideachta díbhinn nó dáileadh de chineál eile a fháil ó fhochuideachta eachtrach. Tá an dáileadh seo díolmhaithe ó Cháin Chorparáide (CC) sa chás go gcomhlíontar na coinníollacha cáilitheacha don díolúine rannpháirtíochta.
Baineann an díolúine le dáileadh ábhartha a dhéanann fochuideachta ábhartha chuig máthairchuideachta ar an 1 Eanáir 2025 nó dá éis. Ní mór don mháthairchuideachta rannpháirtíocht cháilitheach a bheith acu san fhochuideachta ábhartha.
Cé a fhéadann an díolúine a éileamh?
Féadann máthairchuideachta an díolúine a éileamh. Is cuideachta í seo atá:
Tagraíonn cáin eachtrach do cháin a fhreagraíonn do cháin chorparáide na hÉireann. Ní mór feidhm a bheith ag an gcáin sin maidir le hioncam, brabúis agus gnóthachain cuideachta chónaitheach ag ráta ainmniúil is mó ná nialas faoin gcéad.
Céard is rannpháirtíocht cháilitheach ann?
Ní mór don mháthairchuideachta cúig faoin gcéad ar a laghad de ghnáthscairchaipiteal na fochuideachta ábhartha a shealbhú. Tugtar rannpháirtíocht cháilitheach air seo. Ní mór é seo a choinneáil ar feadh tréimhse leanúnach 12 mhí ar a laghad. Ní mór an dáta a dhéantar an dáileadh ábhartha a bheith san áireamh sa tréimhse seo.
Céard is fochuideachta ábhartha ann?
Ní mór don chuideachta a dhéanann an dáileadh ábhartha a bheith:
- cónaitheach chun críocha cánach eachtraí i gcríoch ábhartha.
- agus
- a bheith díolmhaithe ó cháin eachtrach den chuid is mó.
Ní mór na coinníollacha seo a chomhlíonadh ar an dáta a dhéantar an dáileadh ábhartha agus ar feadh na gcúig bliana roimhe sin.
Is éard is críoch ábhartha ann ná tír AE nó LEE nó tír a bhfuil comhaontú cánach dúbailte ag Éirinn léi. Ní áirítear leis seo tír ar liosta an AE de dhlínsí neamh-chomhoibríocha.
Céard iad na dáiltí atá incháilithe le haghaidh díolúine?
Is éard is dáileadh ábhartha ann ná dáileadh a dhéantar i leith scairchaipiteal fochuideachta ábhartha. Féadtar an dáileadh a dhéanamh as brabúis na fochuideachta ábhartha.
De mhalairt air sin, féadtar an dáileadh a dhéanamh as sócmhainní eile de chuid na fochuideachta ábhartha. Déantar é seo ar choinníoll go gcáileodh aon ghnóthachan ó dhíol na scaireanna bunúsacha, ar an dáta a dhéantar an dáileadh, don díolúine section 626B exemption for chargeable gains.
Ní mór an dáileadh a mheas mar ioncam (agus ní caipiteal) i lámha na máthairchuideachta. Go ginearálta, ní mór don mháthairchuideachta a bheith inmhuirir i leith cánach ar an dáileadh ábhartha faoi Chás III de Sceideal D. Tá dáiltí a fhaightear mar ioncam trádála eisiata.
Ní fhéadtar an dáileadh a inasbhaint chun críocha cánach eachtrach.
Cén chaoi le díolúine rannpháirtíochta a éileamh
Ba chóir do chuideachta Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) a úsáid chun an díolúine rannpháirtíochta a éileamh ar a dtuairisceán Cánach Corparáide.
Féadann cuideachta a fhaigheann dáileadh eachtrach roghnú éileamh a dhéanamh ar:
- an díolúine rannpháirtíochta
- agus
- ar chreidmheas cánach dúbailte le haghaidh cáin eachtrach íoctha.
Má dhéantar éileamh ar an díolúine rannpháirtíochta, beidh gach dáileadh ábhartha ó gach fochuideachta ábhartha díolmhaithe don tréimhse chuntasaíochta sin. Ní fhéadtar éileamh a dhéanamh ar bhonn in aghaidh na díbhinne nó ar bhonn fochuideachta.
Féach P Tax and Duty Manual Part 35-02-11 le haghaidh tuilleadh eolais ar choinníollacha cáilitheacha.