Liosta an AE de dhlínsí neamh-chomhoibríocha

Ar 5 Nollaig 2017, tháinig Ballstáit an Aontais Eorpaigh (AE) ar chomhaontú ar liosta de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críocha cánach. Tugtar an liosta seo cothrom le dáta go rialta.

Maidir le dlínsí a chur san áireamh ar an liosta, bunaítear na critéir ar chaighdeáin aitheanta idirnáisiúnta chánach. Dírítear ar an méid seo:

  • trédhearcacht
  • cánachas cóir
  • agus
  • cur i bhfeidhm íoschaighdeáin an OECD um Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabús (BEPS).

D’aontaigh Ballstáit uile an AE bearta riaracháin a thabhairt isteach i leith dlínsí a bhí ar an liosta. Chuir na Coimisinéirí Ioncaim riachtanais tuairiscithe leis an tuairisceán Cánach Corparáide bliantúil (Foirm CT1) le haghaidh tréimhsí cuntasaíochta dar críoch in 2019 agus ar aghaidh. 

Ní mór do chuideachtaí idirbhearta a rinneadh le daoine i ndlínse ar an liosta a nochtadh ar a bhFoirm CT1. Is i leith idirbhearta a raibh an méid seo i gceist leo a bhaineann sé seo:

  • ús
  • ríchíosanna 
  • díbhinní. 

Amhail an 26 Feabhra 2024 (dáta foilsithe san Iris Oifigiúil), tá liosta an AE déanta suas de:

  • Samó Mheiriceá
  • Angaíle
  • Antigua agus Barbúda
  • Fidsí
  • Guam
  • Palau
  • Panama
  • Cónaidhm na Rúise
  • Samó
  • Oileán na Tríonóide & Tobága
  • Oileáin Bhriotanacha na Maighdean
  • Vanuatú.

Féadtar tuilleadh eolais a fháil faoin liosta ar Liosta an AE de dhlínsí neamhchomhoibríocha.