Bearta in aghaidh chreimeadh an bhoinn agus aistriú brabúis (BEPS)
Rialacha i leith Corparáid Faoi Rialú Eachtrach (CRE)
Coisceann na rialacha CRE seo atreorú saorga ar bhrabúis ó chuideachtaí rialaithe chuig cuideachtaí CRE (eintitis eischósta i ndlínsí le cáin íseal nó gan cháin).
Feidhmíonn na rialacha trí ioncam neamhdháilte cuideachta CRE a chur i leith na cuideachta rialaithe nó cuideachta baintí sa Stát. D’fhéadfadh ioncam neamhdháilte a bheith mar thoradh ar shocruithe fíorchearta, a chuirtear i bhfeidhm chun na críche bunúsaí de bhuntáiste cánach a fháil.
Cuirtear ioncam neamhdháilte cuideachta CRE i leith na cuideachta rialaithe, nó na cuideachta baintí, sa Stát ina ndéantar gníomhaíochtaí cuí Éireannacha a chur i gcrích chun críocha cánach. Is iad seo a leanas samplaí de gníomhaíochtaí cuí Éireannacha:
- feidhmeanna pearsanra shuntasaigh (feidhmeanna FPS)
- príomhfheidhmeanna fiontraíochta um rioscaí a thógáil (príomhfheidhmeanna PFFRT).
Éiríonn an muirear CRE aníos ar an sciar den ioncam neamhdháilte inchurtha i leith gníomhaíochtaí cuí Éireannacha.
De réir na rialacha, teastaíonn anailís ar an méid a dhéanfadh an chuideachta CRE na nithe seo a leanas, murach an chuideachta rialaithe:
- na sócmhainní a choinneáil i seilbh
- nó
- a bheith freagrach as na rioscaí a bhaineann leis na feidhmeanna FPS nó príomhfheidhmeanna PFFRT.
Tá éifeacht ag an reachtaíocht CRE ar thréimhsí cuntasaíochta cuideachtaí rialaithe dar tús an 1 Eanáir 2019 nó dá éis.
Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar an Lámhleabhar Cánach agus Dleachtal Part 35b-01-01 - Controlled Foreign Companies Rules.
Tabhair do d’aire
Cuireann Cuid 35B den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, Airteagail 7 agus 8 de Threoir an AE in aghaidh Seachaint Cánach i bhfeidhm trí rialacha i leith cuideachtaí CRE a thabhairt isteach.
Ar aghaidh: Rialacha frith-hibride