Bearta in aghaidh chreimeadh an bhoinn agus aistriú brabúis (BEPS)

Léargas ginearálta

Thug an tAontas Eorpach (AE) an Treoir in aghaidh Seachaint Cánach (AE) 2016/1164 isteach ar an 12 Iúil 2016.

Bhí roinnt beart sa Treoir in aghaidh Seachaint Cánach a dearadh chun creimeadh an bhoinn agus aistriú brabúis (BEPS) ag grúpaí ilnáisiúnta a chosc.

Ina dhiaidh sin, thug an tAontas Treoir (AE) 2022/2523 ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 isteach maidir le híosleibhéal domhanda cánachais a áirithiú do ghrúpaí fiontar ilnáisiúnta agus do ghrúpaí intíre mórscála san Aontas. Tugtar an Treoir Íosta Cánach ar an Treoir.

Ar aghaidh: Rialacha i leith Corparáid Faoi Rialú Eachtrach (CRE)