Bearta in aghaidh chreimeadh an bhoinn agus aistriú brabúis (BEPS)

Forálacha Cánach Scuchta

Is é cuspóir na Cánach Scuchta ná cuideachtaí a chosc ó cháin a sheachaint agus sócmhainní á n-athlonnú.

Foráiltear sna rialacha do Cháin Scuchta ar ghnóthachain chaipitiúla neamhréadaithe. D’fhéadfadh sé seo tarlú nuair a dhéanann cuideachtaí, gan diúscairt iarbhír a dhéanamh, a n-áit chónaithe a aistriú nó a sócmhainní a aistriú go heischósta. Tarlaíonn Cáin Scuchta de réir mar a fhágann siad scóip cháin na hÉireann, trí mheas gur tharla diúscairt ag an am. Tháinig na rialacha reatha i bhfeidhm i leith imeachtaí a tharla ar an 10 Deireadh Fómhair 2018 nó dá éis.

Is é 12.5% an ráta Cánach Scuchta. Tá foráil in aghaidh seachanta san áireamh, áfach, le cinntiú go mbeidh an ráta ginearálta Cánach Gnóthachan Caipitiúil (CGC) i bhfeidhm más rud é go bhfuil an méid seo a leanas i gceist:

  • má tá an imeacht is cúis leis an muirear Cánach Scuchta ina chuid d’idirbheart chun an tsócmhainn a dhiúscairt
  • agus
  • más é cuspóir an idirbhirt a chinntiú go ngearrtar cáin ar an ngnóthachan ag an ráta níos ísle.

Féadfaidh cuideachtaí íocaíocht láithreach na Cánach Scuchta a iarchur trí roghnú í a íoc i dtráthíocaíochtaí cothroma thar tréimhse cúig bliana.

Ní bheidh Cáin Scuchta i bhfeidhm i leith an mhéid seo:

  • sócmhainní a bhaineann le hurrúis a mhaoiniú, nó a thugtar mar urrús ar fhiachais nó
  • i gcás ina ndéantar an t-aistriú sócmhainní chun riachtanais stuamachta chaipitil a chomhlíonadh nó chun críocha leachtachta
  • agus
  • go rachaidh na sócmhainní ar ais chuig Ballstát an aisteora laistigh de 12 mhí ón aistriú

Ina theannta sin, ní bheidh feidhm ag Cáin Scuchta:

  • i gcás ina gcoinníonn Éire cearta cánach ar dhiúscairt ina dhiaidh sin ar na sócmhainní sa chaoi gur fhanann siad laistigh den mhuirear go cháin Éireannach
  • agus
  • más rud é, maidir le sócmhainní cuideachta cónaitheach in Éirinn, go leanann gnólacht bhuan de chuid na cuideachta leis na sócmhainní sin a úsáid tar éis don chuideachta aistriú.  

Le haghaidh tuilleadh eolais féach ar an Lámhleabhar Cánach agus Dleachta Part 200201 - Exit Tax Provisions.

Tabhair do d’aire

I gCaibidil 2 de Chuid 20 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, cuirtear Airteagal 5 de Threoir an AE in aghaidh Seachaint Cánach (AE) 2016/1164 i bhfeidhm. Déanann sé seo na forálacha reatha Cánach Scuchta a thrasuí i ndlí na hÉireann.

Ar aghaidh: An Riail um Theorannú Úis