Bearta in aghaidh chreimeadh an bhoinn agus aistriú brabúis (BEPS)

Rialacha frith-hibrideacha

Tá sé mar aidhm ag na rialacha frith-hibrideacha dul i ngleic le neamhréireanna a thagann chun cinn mar gheall ar idirghníomhaíocht dhá chóras cánach corparáide nó níos mó. Is féidir leas a bhaint as na míréireanna seo chun cáin a sheachaint.

Tarlaíonn neamhréir mar gheall ar dhifríochtaí i dtréithriú dlíthiúil ionstraime airgeadais nó eintitis airgeadais a mbíonn hibrideacht mar thoradh air. Féadann buntáistí cánach a bheith mar thoradh air seo ar a dtugtar torthaí neamhréireanna hibrideacha.

Mar shampla, d'fhéadfadh an mhír chéanna caiteachais a bheith inasbhainte ó cháin i níos mó ná críoch amháin. De mhalairt air sin, d'fhéadfadh íocaíocht a bheith inasbhainte ó cháin i gcríoch amháin gan méid comhfhreagrach a bheith incháinithe i ndlínse an fhaighteora.

Tugann na rialacha frith-hibrideacha aghaidh ar na torthaí neamhréireanna hibrideacha seo trí asbhaint cánach a dhiúltú nó trí ioncam a thabhairt laistigh den mhuirear i leith cánach.

Tá na rialacha frith-hibride, atá i gCaibidlí 1 go 10 den Chuid 35C, i bhfeidhm ar gach cáiníocóir corparáideach. Níl aon teorainn ná tairseach íosta ann nach mbíonn na rialacha i bhfeidhm fúthu. Tá na rialacha i bhfeidhm ar gach íocaíocht a dhéantar tar éis an 1 Eanáir 2020.

Baineann an riail hibrideach droim ar ais, in Caibidil 10A den Chuid 35C, le eintitis atá ceapaithe mar trédhearcach go fioscach in Éireann. Baineann an riail le tréimshe chánacha tosaithe ar, nó tar éis, 01 Eanáir 2022.

Tá na rialacha casta. Tá sé seo amhlaidh mar gheall go mbaineann siad le hidirbhearta trasteorann agus go gcaithfear an cánachas ar idirbhearta agus eintitis i gcríocha eile a chur san áireamh.

Sonraítear an méid seo (aistriúchán na gCoimisinéirí Ioncaim) sa Treoir in aghaidh Seachaint Cánach 2 (ATAD2):

“Ba chóir do na Ballstáit úsáid a bhaint as na mínithe agus na samplaí is infheidhme i dtuarascáil BEPS an OECD ar Ghníomh 2 mar fhoinse ar léiriú nó léirmhíniú ar an méid a thagann siad le forálacha na Treorach agus le Dlí an Aontais”

Moltar do eintitis, agus iad ag déanamh machnaimh ar chur i bhfeidhm na rialacha frith-hibrideacha, féachaint ar na mínithe agus na samplaí sa dá cheann de na tuarascálacha seo a leanas:

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar an Lámhleabhar Cánach agus Dleachta l Part 35C-00-01- Guidance on the anti-hybrid rules.

Tabhair do d’aire

Cuireann Cuid 35C den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997 na Treoracha ina aghaidh Seachaint Cánach (ATAD) i bhfeidhm trí rialacha frith-hibride a thabhairt isteach. Go sonrach, Treoir (AE) 2017/952 ón gComhairle an 29 Bealtaine 2017 (ATAD2), ar leasú í ar Threoir (AE) 2016/1164 (ATAD).

Ar aghaidh: Forálacha Cánach Scuchta