Cáin Chorparáide (CC) a íoc agus a thíolacadh

Íoc agus tíolacadh

Ní mór do chomhlachtaí Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) a úsáid chun a dtuairisceáin a thíolacadh agus aon chánacha a íoc atá dlite faoi ríomhThíolacadh Éigeantach

Ní mór do chomhlachtaí:

  • réamhcháin a ríomh agus a íoc roimh an dáta dlite sonraithe
  • Foirm CT1 agus Foirm 46G (Cuideachta) a chomhlánú agus a thíolacadh roimh dháta tíolactha an tuairisceáin
  • aon iarmhéid cánach dlite a íoc roimh an dáta tíolactha tuairisceán.

Ní mór do chuideachta a tuairisceán a thíolacadh agus aon cháin atá dlite a íoc naoi mí tar éis dheireadh na tréimhse cuntasaíochta. Ní mór don chuideachta an íocaíocht seo a dhéanamh ar an 23ú den naoú mí sin. Aon chomhlachtaí a loiceann íoc agus tíolacadh a dhéanamh go leictreonach, ní mór dóibh a dtuairisceáin a thíolacadh agus aon cháin bhainteach a íoc. Ní mór do na cuideachtaí seo an cháin seo a íoc ar an 21ú den mhí sin.

Tá ús dlite ag ráta laethúil 0.0219% ar íocaíochtaí déanacha nó ar íocaíochtaí nach ndéantar ina n-iomláine. Féadtar an t-ús a ríomh tríd an méid seo a leanas a mhéadú faoina chéile:

  • an tsuim chánach atá gearríoctha ag an gcuideachta
  • Líon na laethanta atá an cháin déanach
  • ráta úis.

Ní fhéadtar achomharc a dhéanamh in aghaidh muirear úis leis an gCoimisiún um Achomhairc Chánach. A luaithe agus a ghearrtar úis ort, ní mór duit an tsuim iomlán amuigh a íoc. Ní fhéadtar é a laghdú. 

Má sheolann an chuideachta an tuairisceán tar éis an spriocdháta, beidh ar an gcomhlacht formhuirear a íoc freisin:

  • 5% den cháin dlite suas le huas-suim €12,695 má tíolacadh é taobh istigh de dhá mhí ón dáta tíolactha
  • 10% den cháin dlite suas le huas-suim €63,485 má tíolacadh é níos mó ná dhá mhí tar éis an dáta tíolactha.

Má sheolann an chuideachta an tuairisceán tar éis an spriocdháta, beidh srianta ar fhaoisimh áirithe a éilíodh. Beidh na srianta i bhfeidhm faoi threoir fhad na moille ar éileamh a tíolacadh le haghaidh:

  • liúntais chaipitiúla bhreise
  • faoiseamh i leith caillteanais
  • grúpfhaoiseamh.

An chaoi le Tuairisceán Réamhcháin Chorparáide PTL 1 nó PTL 2 a thíolacadh

Sínigh isteach ar ROS. Faoin rannán Íocaíocht agus Tuairisceáin roghnaigh:

  • íocaíocht chánach/dearbhú
  • cáin chorparáide
  • déan íocaíocht
  • an tréimhse ar mian leat íocaíocht nó dearbhú nialasach a dhéanamh ina leith.

Mura bhfuil an tréimhse a theastaíonn uait ar fáil, déan teagmháil le Rannóg an Ard-Bhailitheora

Féach an treoirleabhar Late Submission of Returns le haghaidh tuilleadh eolais. 

Ar aghaidh: Réamhcháin Chorparáide