Tuairisceáin tríú páirtí
Foirm 46G
Iarrtar ar thrádálaithe, gnóthais agus cuideachtaí tuairisceáin a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim ina sonraítear na híocaíochtaí a rinne siad le tríú páirtithe le haghaidh seirbhísí a cuireadh ar fáil.
Ina measc siúd a n-iarrtar orthu tíolacadh a dhéanamh, tá:
- trádálaithe (feirmeoirí san áireamh)
- gairmithe agus daoine eile i mbun gnó
- eagraíochtaí nó comhlachtaí neamhthrádála nó neamhbhrabúis (lena n-áirítear eagraíochtaí carthanúla agus comhlachtaí reachtúla).
Féach Part 38-03-13 le haghaidh tuilleadh eolais.
Ní mór an tuairisceán 46G a thíolacadh in éineacht leis an tuairisceán bliantúil Cánach Corparáide nó Cánach Ioncaim. Iarrfar ar thíolaiceoirí ceann díobh seo a leanas a thíolacadh:
- Foirm 46G, sa chás gur i leith na bliana cánach roimhe atá an tíolaiceoir ag tuairisciú na sonraí
- Foirm 46G do Chuideachtaí, sa chás gur i leith na tréimhse cuntasaíochta roimhe atá an tíolaiceoir ag tuairisciú na sonraí.
Bain úsáid as Seirbhís Ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) chun na tuairisceáin seo a thíolacadh go leictreonach.
Féadtar ceann díobh seo thíos a chomhlánú:
- an leagan ar líne in ROS i gcásanna suas le 30 íocaí
- an leagan ROS as líne i gcásanna suas le 3,000 íocaí
- an 46G Return Tool agus é a uaslódáil go ROS.
Chun cabhair a fháil leis an Uirlis Tuairisceáin 46G, déan teagmháil le 46gspreadsheet@revenue.ie.
Ar aghaidh: Earnáil ioncaim ó chíos