Tuairisceáin tríú páirtí

Léargas ginearálta

Ní mór do ranna Rialtais, institiúidí airgeadais, gnóthais trádála agus ghairmiúla agus eagraíochtaí áirithe eile tuairisceáin tríú páirtí a thíolacadh. Bíonn faisnéis sna tuairisceáin seo faoi ghnóthas an tíolaiceora nach mór a nochtadh do na Coimisinéirí Ioncaim. Ní mór na tuairisceáin seo a thíolacadh go bliantúil.

Tá cineálacha éagsúla tuairisceán tríú páirtí ann agus féadfaidh sé go gcaithfidh roinnt eagraíochtaí níos mó ná cineál amháin tuairisceáin a thíolacadh gach bliain. Féadfaidh sé go gcaithfidh bainc, mar shampla:

  • tuairisceáin tríú páirtí a thíolacadh i leith ús ar thaiscí a íocadh le custaiméirí 
  • tuairisceán eile i leith íocaíochtaí chuig a chuid soláthraithe.

Is i leith sonraí íocaíochta do thréimhse bliana féilire a chlúdaíonn roinnt tuairisceán tríú páirtí, agus is i leith tréimhse chuntasaíochta na heagraíochta a chlúdaíonn tuairisceáin eile tríú páirtí. 

Tá spriocdhátaí éagsúla ann chun cineálacha éagsúla tuairisceán tríú páirtí a thíolacadh. Is gá gach tuairisceán tríú páirtí a thíolacadh tríd an gcóras féinmheasúnaithe gan iarratas sonrach ó na Coimisinéirí Ioncaim.

Déantar an chuid is mó de thuairisceáin tríú páirtí a thíolacadh trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) trí fhoirmeacha tuairisceáin ar líne a chomhlánú nó tríd an áis slán uaslódála comhad. Is tríd an áis moChúrsaí a dhéantar tuairisceáin eile tríú páirtí a thíolacadh.

Féadtar gach fiosrú i dtaca le tuairisceáin tríú páirtí a dhéanamh tríd an áis moChúrsaí de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.

Ar aghaidh: Ranna Rialtais agus gníomhaireachtaí Stáit