Tuairisceáin tríú páirtí
Institiúidí airgeadais
Ní mór do roinnt institiúidí airgeadais tuairisceáin tríú páirtí a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim i leith sonraí faoina gcuid custaiméirí. Mar shampla:
- Ní mór do bhainc, cumainn foirgníochta, comhair chreidmheasa, banc taisce an phoist agus bainc le pas Aontas Eorpach (AE) sonraí a thabhairt i leith íocaíochtaí úis agus íocaíochtaí eile den chineál céanna a dhéanann siad lena gcuid custaiméirí.
- Ní mór do chuideachtaí árachais saoil sonraí a thabhairt i leith íocaíochtaí áirithe a dhéanann siad lena gcuid custaiméirí.
- Ní mór do ghnóthais infheistíochta sonraí a thabhairt i leith luachanna na n-infheistíochtaí arna gcoinneáil ag sealbhóirí aonaid áirithe.
- Ní mór d’fhaighteoirí do cheannaithe sonraí a thabhairt i leith na n-íocaíochtaí a dhéantar le ceannaithe trí idirbhearta cárta íocaíochta (cártaí dochair agus cártaí sochair).
Spriocdhátaí tíolactha
Spriocdhátaí tíolactha d’institiúidí airgeadais
|
Dáta |
Bainc, cumainn foirgníochta, comhair chreidmheasa, bainc taisce an phoist agus bainc le pas AE |
31 Márta |
Cuideachtaí árachais saoil |
31 Márta |
Gnóthais infheistíochta |
31 Márta |
Faighteoirí do cheannaithe |
30 Aibreán |
Ní mór go nochtaí sna tuairisceáin tríú páirt uile seo sonraí i dtaca leis an mbliain féilire roimhe.
Tá sonraí faoi fhormáid an tuairisceáin ar fáil sna sonrúcháin comhaid le haghaidh na dtuairisceán sa liosta thuas. Tá tuilleadh sonraí faoin ábhar iarrtha do na tuairisceáin seo ar fáil in Tax and Duty Manual Part 38-03-24 - Guidance Notes for Financial Institutions.
Ní mór tuairisceáin a thíolacadh go leictreonach ag baint úsáid as Seirbhís Aistrithe Comhad na gCoimisinéirí Ioncaim (RFTS)
Ní mór an tuairisceán a bheith san fhormáid a theastaíonn ó na Coimisinéirí Ioncaim. Tá sonraí faoi fhormáid an tuairisceáin ar fáil sna sonrúcháin comhad seo a leanas:
Féadfaidh sé go n-iarrtar ar institiúidí airgeadais tuairisceáin eile tríú páirtí a thíolacadh amhail an Fhoirm 46G agus tuairisceáin éagsúla tríú páirtí.
Ar aghaidh: Foirm 46G