Tuairisceáin tríú páirtí
Ranna Rialtais agus gníomhaireachtaí Stáit
Iarrtar ar ranna Rialtais, gníomhaireachtaí Stáit agus comhlachtaí eile tuairisceáin a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim ina sonraítear na híocaíochtaí a rinne siad le tríú páirtithe.
Tá roinnt gníomhaireachtaí Stáit ann nach n-iarrtar orthu na tuairisceáin seo a thíolacadh. Tá cineálacha áirithe íocaíochtaí eisiata, amhail luach saothair fosaithe agus íocaíochtaí faoi réir na Cánach Conarthaí Iomchuí (CCI). Féach na nótaí treorach in Guidance notes for government departments chun tuilleadh eolais a fháil.
Ní mór tuairisceáin tríú páirtí i leith íocaíochtaí Rialtais a thíolacadh roimh 30 Meitheamh gach bliain agus ní mór sonraí a bheith iontu i leith na n-íocaíochtaí a rinneadh sa bhliain féilire roimhe.
Bain úsáid as Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) chun tuairisceáin a thíolacadh go leictreonach tríd an gcóras slán uaslódála comhad. Ní mór an tuairisceán a bheith san fhormáid a theastaíonn ó na Coimisinéirí Ioncaim. Tá sonraí faoi fhormáid an tuairisceáin ar fáil sna sonrúcháin Government payment file specifications.
Déanann roinnt ranna Rialtais tuairisceáin eile tríú páirtí a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim chomh maith leis an tuairisceán i leith íocaíochtaí rialtais. Mar shampla:
- déanann an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara sonraí faoi íocaíochtaí le feirmeoirí a thíolacadh gach bliain
- agus
- déanann an Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) sonraí faoi íocaíochtaí forlíonta cíosa a thíolacadh.
Ar aghaidh: Institiúidí airgeadais