Cáin Conarthaí Iomchuí (CCI)

Léargas ginearálta

Is éard is CCI ann ná cáin shiarchoinneálach a bhaineann le híocaíochtaí áirithe ó phríomhchonraitheoirí le fochonraitheoirí sna tionscail tógála, foraoiseachta agus próiseála feola. Is iad 0%, 20% agus 35% na rátaí cánach.

Déantar gach comhlíontacht, tíolacadh agus íocaíocht CCI ar líne trí úsáid a bhaint as Seirbhís Ioncaim Ar-Líne na gCoimisinéirí (ROS)

Ba chóir do gach príomhchonraitheoir a chinntiú go bhfuil siad cláraithe chun an áis ROS a úsáid mura bhfuil siad cláraithe cheana féin.

Ba chóir d'fhochonraitheoirí clárú le haghaidh ROS freisin chun rochtain a fháil ar shonraí maidir lena n-idirbhearta CCI.

Féadtar clárú le haghaidh CCI agus cánacha eile gnó trí ROS.

Tá liosta sa rannán seo de na hoibríochtaí tógála, foraoiseachta agus próiseála feola atá faoi réir ag CCI.

Ar aghaidh: Céard iad na gníomhaíochtaí a chlúdaítear faoi CCI?