Cáin Conarthaí Iomchuí (CCI)

CCI d'fhochonraitheoirí

Céard is fochonraitheoir ann?

Is fochonraitheoir thú má dhéanann tú conradh iomchuí le príomhchonraitheoir sna tionscail tógála, foraoiseachta nó próiseála feola. Ní conradh fostaíochta an conradh seo.

Ní mór duit na sonraí a thabhairt don phríomhchonraitheoir a theastaíonn chun an conradh iomchuí a chlárú leis na Coimisinéirí Ioncaim. Ní mór an t-ainm atá cláraithe agat linn agus d’uimhir tagartha cánach a chur isteach leis na sonraí seo. Ba chóir duit cruthúnas céannachta a chur ar fáil chomh maith, agus féadfar na cinn seo a leanas a áireamh:

  • cóip de do phas
  • cóip de do cheadúnas tiomána
  • sonraí do chlárúcháin cánach.

Ón uair a chuireann an príomhchonraitheoir na Coimisinéirí Ioncaim ar an eolas faoin gconradh, cuirfidh muid na sonraí chugat i litir dheimhnithe um chonradh. Dearbhóidh sé seo chomh maith do ráta asbhainte cánach CCI. Má bhíonn aon sonraí i dtaca leis an gconradh mícheart, déan teagmháil leis an bpríomhchonraitheoir chun iad a cheartú. Mura bhféadfaidh siad na sonraí a cheartú, déan teagmháil linn go díreach.

Uimhir Aitheantais Láithreáin (SIN)

Nuair a thíolacann príomhchonraitheoir fógra um chonradh, gheobhaidh siad SIN don láithreán nó don tionscadal. Cuirfidh muid ar an eolas thú faoi do SIN ar do litir dheimhnithe um chonradh. Má dhéanann tú, ina dhiaidh sin, cuid den obair a chur amach ar fhochonradh, ba chóir duit an SIN seo a úsáid nuair a chuireann tú ar an eolas muid faoin gconradh. Ciallaíonn sé seo go mbainfidh gach conraitheoir úsáid as an SIN céanna ar gach conradh ar an láithreán nó ar an tionscadal céanna.

Rátaí cánach CCI

Braithfidh an ráta cánach CCI ar do thaifead comhlíontachta leis na Coimisinéirí Ioncaim. Tá trí ráta cánach sa chóras CCI a bhaineann le fochonraitheoirí:

  • taifead comhlíontachta cánach suas chun dáta: 0%
  • taifead comhlíontachta cánach atá a bheag nó a mhór suas chun dáta: 20%
  • drochthaifead comhlíontachta cánach, nó dóibh siúd nár chláraigh leis na Coimisinéirí Ioncaim: 35%.

Tar éis do phríomhchonraitheoir na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas faoi íocaíocht, gheobhaidh siad údarú asbhaintí uainn. Más é an príomhchonraitheoirí atá leis an gcáin a asbhaint, ba chóir dóibh cóip de seo a thabhairt duit. Léireofar air:

  • an íocaíocht chomhlán a dhéanfaidh siad leat
  • an ghlan-íocaíocht a dhéanfaidh siad leat
  • an ráta asbhainte CCI
  • suim na CCI a asbhainfidh siad.

Cuirfidh muid chun sochair do thaifid cánach aon CCI a d’asbhain an príomhchonraitheoir. Féadfaidh tú an creidmheas CCI seo a úsáid i gcoinne aon chánach eile atá dlite ón uair a thíolacann tú do chuid tuairisceán cánach.

Tabhair do d’aire nach ndéanann muid Réamhcháin a fhritháireamh go huathoibríoch. Tá áis ar fáil in Seirbhísí ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) a ligeann d’fhochonraitheoirí nó dá ngníomhairí creidmheasanna CCI a fhritháireamh i gcoinne Réamhchánach.

Nuair a úsáidtear creidmheas CCI i gcoinne cánacha eile dlite, gheobhaidh tú ráiteas cuntais. Beidh tú in ann breathnú air seo, agus ar do chuid idirbheart uile CCI, ar ROS.

Cén fáth ar athraíodh mo ráta asbhainte?

Déanann na Coimisinéirí Ioncaim Athbhreithniú Bulc ar Rátaí CCI (ABR) dhá uair sa bhliain. San ABR, déantar measúnú ar shuíomh comhlíontachta gach fochonraitheora sa chóras ríomh-CCI. Socraítear ansin a ráta Asbhainte CCI, is é sin 0%, 20% nó 35%.

Roimh gach ACR, déantar teagmháil le fochonraitheoirí. Cuirtear in iúl dóibh go bhféadfaidh a ráta asbhainte a bheith faoi réir méadú chuig 20% nó 35%.

Féadfaidh conraitheoirí a d’aistrigh chuig ráta níos airde CCI seiceáil a dhéanamh maidir leis na cúiseanna a ndearnadh cinneadh den chineál sin. Féadtar é seo a dhéanamh leis na roghanna féinseirbhíse CCI in ROS. Nuair a bheidh na ceisteanna comhlíontachta réitithe, féadann fochonraitheoirí féin-athbhreithniú a dhéanamh ar a ráta CCI in ROS agus cinneadh nua faoi rátaí a fháil. Féach an treoirleabhar RCT for subcontractors manual chun tuilleadh eolais a fháil.

Ar aghaidh: Pionóis do phríomhchonraitheoirí