An tionscal tógála

Má tá tú féinfhostaithe nó más cuideachta sa tionscal tógála thú atá cónaitheach sa Stát, ní mór duit clárú le haghaidh:

Féadfaidh sé go mbeidh ort clárú le haghaidh Cáin Bhreisluacha (CBL) freisin, ag brath ar do stádas cónaitheachta agus láimhdeachas.

Má tá fostaithe agat ní mór duit clárú mar fhostóir agus ní mór duit asbhaintí a dhéanamh óna bpá, nuair is cuí:

Is éard is Cáin Conarthaí Iomchuí (CCI) ann ná cáin iarchoimeádta a bhaineann le híocaíochtaí áirithe ó phríomhchonraitheoirí le fochonraitheoirí sa tionscal tógála. D'fhéadfá a bheith i do phríomhchonraitheoir nó i d'fhochonraitheoir, nó an dá rud.

Má chláraigh tú cheana féin do Sheirbhísí ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) nó do moChúrsaí, féadfaidh tú ríomhChlárúchán a dhéanamh chun do chuid clárúchán leis na Coimisinéirí Ioncaim a bhainistiú ar líne.

An bhfuil tú féinfhostaithe nó an fostaí thú?

Tá sé tábhachtach do stádas mar oibrí a bheith i gceart agus go ngearrtar cáin ort mar is cuí.

Má tá tú féinfhostaithe, tá tú freagrach as do chuid féin díobh seo a leanas a íoc:

  • Cáin Ioncaim
  • MSU
  • ÁSPC.

Más fostaí thú, beidh tú ag obair faoi do chonradh fostaíochta. Beidh d’fhostóir freagrach as an méid seo a leanas a bhailiú agus a íoc ar do shon:

  • Cáin Ioncaim
  • MSU
  • ÁSPC .

Cén chaoi a gcinneann tú do stádas fostaíochta?

Tugann breithiúnas na Cúirte Uachtaraí i gCás Karshan achoimre ar chúig cheist chun cabhrú le do stádas mar oibrí a chinneadh chun críocha cánachais. Cuirfidh an gnólacht atá ag plé leat an creat cinnteoireachta cúig chéim seo i bhfeidhm chun a chinneadh an fostaí thú nó an bhfuil tú féinfhostaithe.

Tá na ceisteanna seo a leanas san áireamh sa chreat cinnteoireachta cúig chéim:

  1. An bhfuil malartú pá nó aon íocaíocht eile as obair i gceist leis an gconradh?
  2. Ar aontaigh an t-oibrí a gcuid seirbhísí a chur ar fáil go pearsanta agus an féidir leo a gcuid oibre a chur amach ar fhochonradh?
  3. An rialaíonn an gnó cad, conas, cathain agus, nó cén áit a ndéantar an obair?
  4. Cad a thugann na fíricí agus na cúinsí le fios faoi nádúr an chaidrimh idir an gnó agus an t-oibrí?
  5. An bhfuil aon reachtaíocht ann a d'athródh na freagraí maidir le haon cheann de na ceisteanna thuas?

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Stádas fostaíochta duine aonair a chinneadh. Tugtar míniú níos mionsonraithe ar an gcreat cinnteoireachta sa Tax and Duty Manual Part 05-01-30, agus tá tuilleadh treorach agus samplaí ann freisin.

Ina theannta sin, féach an Cód Cleachtais maidir le Stádas Fostaíochta a Chinneadh . Is cód comhpháirteach é seo idir na Coimisinéirí Ioncaim, an Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) agus an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (WRC). Rinneadh athbhreithniú ar an gcód seo i mí na Samhna 2024 tar éis chás Karshan.

 Céard a dhéanann tú tar éis a dhéantar do stádas a chinntiú?

Má tá tú féinfhostaithe, ní mór duit:

Más fostaí thú, déanfaidh d'fhostóir ÍMAT, ÁSPC agus MSU a asbhaint ó do phá.

Íocaíochtaí taistil agus cothaithe

Tá sé tábhachtach go mbíonn fostóirí san earnáil tógála ar an eolas faoi na coinníollacha a bhaineann le híocaíocht costais saor ó cháin.

Oibleagáidí cánach maidir le conraitheoirí neamhchónaitheacha

Baineann CCI le conraitheoirí neamhchónaitheacha atá ag oibriú sa tionscal tógála. Ba chóir go mbeadh conraitheoirí neamhchónaitheacha ar an eolas faoina n-oibleagáidí cánach eile.