An tionscal tógála

Cáin Chonarthaí Iomchuí (CCI)

Má tá tú féinfhostaithe san earnáil tógála, féadfaidh sé gur príomhchonraitheoir nó fochonraitheoir thú (nó an dá cheann). Bíonn feidhm le CCI nuair a bhíonn fochonraitheoir fostaithe ag príomhchonraitheoir chun oibríochtaí tógála a chur i gcrích faoi chonradh iomchuí. Déantar gach idirbheart CCI a thíolacadh trí Sheirbhísí ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Frithmhuirear CBL

Is gnách Cáin Bhreisluacha (CBL) a bheith gearrtha ag an duine a sholáthraíonn na hearraí nó na seirbhísí. Faoi CCI, áfach, is é an duine a fhaigheann na hearraí nó na seirbhísí (an príomhchonraitheoir) a ríomhann CBL agus a íocann go díreach leis na Coimisinéirí Ioncaim é. Coinníonn an príomhchonraitheoir cuntas ar CBL ar nós gurb iad a sholáthair an tseirbhís. Tugtar Frithmhuirear CBL air seo. Baineann sé le fochonraitheoirí sa tionscal tógála amháin.

Ar aghaidh: Oibleagáidí cánach conraitheoirí neamhchónaitheacha