An tionscal tógála
An bhfuil tú féinfhostaithe nó an fostaí thú?
Tá sé tábhachtach do stádas mar oibrí a bheith i gceart agus go ngearrtar cáin ort mar is cuí.
Féadfaidh tú do stádas a sheiceáil sa Code of Practice on Determining Employment Status.
Más duine féinfhostaithe thú, tá tú freagrach as do cháin agus d'Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasta (ÁSPC) agus an Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) féin a íoc. Beidh tú ag gníomhú faoi chonradh iomchuí.
Más fostaí thú, tá d’fhostóir freagrach as do Cháin Ioncaim (CI) agus MSU a bhailiú agus a íoc. Beidh tú ag obair faoi do chonradh fostaíochta.
Cén chaoi a gcinneann tú do stádas fostaíochta?
Tugann na seicliostaí seo a leanas forléargas ginearálta ar chinneadh a dhéanamh an fostaí nó fochonraitheoir thú.
Is gnách oibrí a bheith ina fhostaí:
- má thugann duine treoir dóibh maidir le cén chaoi, cén uair agus cén áit le hobair a dhéanamh
- má bhíonn uaireanta oibre socraithe acu
- mura mbíonn aon riosca pearsanta airgeadais acu i dtaca leis an obair
- má fhaigheann siad pá socraithe
- má sholáthraíonn siad saothar amháin
- mura bhféadfaidh siad an obair a chur ar fhochonradh
- má chlúdaítear iad faoi árachas an fhostóra
- mura n-oibríonn siad ach do dhuine nó d’fhiontar amháin.
Is gnáth oibrí a bheith féinfhostaithe:
- má rialaíonn siad cén chaoi, cén uair agus cén áit a ndéantar an obair
- má rialaíonn siad a n-uaireanta oibre féin
- má bhíonn siad neamhchosanta ar riosca airgeadais
- má rialaíonn siad costais agus praghsáil
- má fhéadfaidh siad daoine eile a fhostú chun an jab a chríochnú
- má sholáthraíonn siad a gclúdach árachais féin
- más leo a ngnó féin
- má fhéadfaidh siad na seirbhísí céanna a sholáthar do níos mó ná duine nó do ghnó amháin ag an am céanna.
Céard a dhéanann tú tar éis duit do stádas a chinntiú?
Do lucht féinfhostaithe
Má tá tú féinfhostaithe, ní mór duit:
Féadfaidh sé go mbeifeá i dteideal sochair de chuid na Roinne Coimirce Sóisialaí (RCS). Níl tú i dteideal pá saoire ná cosaint ó dhífhostú éagórach.
D’fhostaithe
Más fostaí thú:
- déanfaidh d’fhostóir asbhaintí Íoc Mar A Thuillir (ÍMAT), ÁSPC agus an MSU ó do phá
- féadfaidh sé go mbeifeá i dteideal roinnt sochar de chuid na Roinne Coimirce Sóisialaí a fháil
- gheobhaidh tú na cearta agus na teidlíochtaí a bhaineann le d’fhostaíocht.
Ar aghaidh: Íocaíochtaí taistil agus cothaithe (airgead tíre)