Cáin Conarthaí Iomchuí (CCI)

CCI do phríomhchonraitheoirí

Céard is príomhchonraitheoir ann?

Is éard is Cáin Conarthaí Iomchuí (CCI) ann ná córas asbhainte cánach ag an bhfoinse a bhaineann le híocaíochtaí a dhéantar faoi chonarthaí iomchuí.

Is príomhchonraitheoir thú má úsáideann tú fochonraitheoir chun gníomhaíochtaí a dhéanamh thar ceann do ghnóthais. Baineann sé seo le:

  • tógáil
  • próiseáil feola
  • agus
  • foraoiseacht.

Is príomhchonraitheoir thú freisin:

  • má tá ceangal agat le cuideachta atá páirteach in aon cheann de na gníomhaíochtaí thuas
  • más údarás áitiúil, cumann fóntais phoiblí nó comhlachas tithíochta thú
  • más Aire Rialtais thú
  • más bord nó comhlacht thú a bunaíodh faoi reacht
  • más bord nó comhlacht thú a bunaíodh faoi chairt ríoga agus a mhaoinítear go príomha ag an Oireachtas
  • má dhéanann tú aon obair gháis, uisce nó leictreachais
  • má dhéanann tú aon obair hiodrálach, duganna, canálach nó iarnróid
  • má dhéanann tú suiteáil, athrú nó deisiúchán ar chórais teileachumarsáide.

Ní mór do phríomhchonraitheoirí clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Ní príomhchonraitheoir thú más é an t-aon obair tógála a bhfuil páirt agat ann ná i bhfoirgnimh nó ar thalamh, bíodh:

  • gur chun d’úsáide féin iad
  • nó gur chun úsáide do chuid fostaithe iad.

Más príomhchonraitheoir thú, ní mór duit gach idirbheart a dhéanamh go leictreonach leis na Coimisinéirí Ioncaim trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Ba chóir duit:

  1. Muid a chur ar an eolas faoi gach conradh iomchuí.
  2. Muid a chur ar an eolas faoi shonraí íocaíochta.
  3. Sonraí a sholáthar don fhochonraitheoir maidir leis an gcáin a dhéanfaidh tú a asbhaint.
  4. Achoimre ar asbhaintí a thíolacadh, ar tuairisceán míosúil nó ráithiúil é.
  5. An CCI a asbhaintear ó íocaíochtaí a dhéantar le fochonraitheoirí a íoc linn.

Fochonraitheoir nó fostaí?

Mar phríomhchonraitheoir, ní mór duit cinneadh a dhéanamh an ndéantar do chonradh le fostaí nó le duine féinfhostaithe. Tugtar achoimre i mbreithiúnas na Cúirte Uachtaraí i gcás Karshan ar chúig cheist chun cabhrú leat cinneadh a dhéanamh.

Tá na ceisteanna seo a leanas san áireamh sa chreat cinnteoireachta cúig chéim:

  1. An bhfuil malartú pá nó aon íocaíocht eile as obair i gceist leis an gconradh?
  2. Ar aontaigh an t-oibrí a gcuid seirbhísí a chur ar fáil go pearsanta agus an féidir leo a gcuid oibre a chur amach ar fhochonradh?
  3. An rialaíonn an gnó cad, conas, cathain agus, nó cén áit a ndéantar an obair?
  4. Cad a thugann na fíricí agus na cúinsí le fios faoi nádúr an chaidrimh idir an gnó agus an t-oibrí?
  5. An bhfuil aon reachtaíocht ann a d'athródh na freagraí maidir le haon cheann de na ceisteanna thuas?

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach an Treoirleabhar Cánach agus Dleachta Part 05-01-30. Tá an breithiúnas ar fáil ar shuíomh idirlín na Seirbhíse Cúirteanna.

D’fhéadfadh sé go gclárófá go mícheart conradh fostaíochta mar chonradh iomchuí don CCI. Má tharlaíonn sé seo, beidh ort íoc as an Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT), Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasta (ÁSPC) agus an Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) ar chóir a bheith asbhainte agat. Féadfaidh sé go mbeidh ort ús nó pionóis a íoc.

Ar aghaidh: Fógraí do phríomhchonraitheoirí