Céard is ÍMAT ann?
Is éard is ciall le ÍMAT ná ‘Íoc Mar a Thuillir’. Más fostaí thú, is iondúil go n-íocann tú cáin tríd an gcóras ÍMAT.
Gach uair a íoctar do thuarastal, déanann d’fhostóir na cánacha a leanas a asbhaint:
Íocann d'fhostóir méid na n-asbhaintí leis na Coimisinéirí Ioncaim. Cinntíonn an córas ÍMAT go bhfuil na méideanna bliantúil atá le n-íoc agat bailithe go cothrom ar gach lá pá i rith na bliana cánach.
Úsáidtear an córas ÍMAT freisin chun cáin a asbhaint ar íocaíochtaí le daoine a fhaigheann pinsean ceirde ó fhostóir roimhe.
Féadfaidh sé go mbeidh tú i dteideal creidmheasanna cánach agus faoiseamh agus díolúintí cánach chun an méid cánach a íocann tú a laghdú.
Más custaiméir ÍMAT thú, féach ar conas Tuairisceán Cánach Ioncaim ÍMAT a thíolacadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar do cháin d'aon cheann de na ceithre bliana cánach roimhe.
Clárú le haghaidh moChúrsaí
Ba cheart d’fhostaithe céaduaire clárú do moChúrsaí. Is pointe rochtana singil ar líne é moChúrsaí i gcomhair seirbhísí na gCoimisinéirí Ioncaim.
-
Ábhair ghaolmhara