An tionscal tógála

Céard is oibríochtaí tógála ann?

Áirítear in oibríochtaí tógála:

  • Tógáil, athrú, deisiúchán, síneadh nó scartáil:
    • foirgneamh nó struchtúr
    • oibreacha ar cuid den talamh iad.
  • Suiteáil, athrú nó deisiúchán:
    • slándála
    • leictreach
    • téimh
    • aerchóirithe
    • fuaimdhíonta
    • aerála
    • draenála
    • séarachais
    • córais soláthair uisce
    • agus
    • córais teileachumarsáide.
  • Foirgnimh a ghlanadh go hinmheánach agus go seachtrach le linn a dtógála, athraithe nó deisiúcháin (gan gnáthchothabháil san áireamh).
  • Oibreacha ar cuid ríthábhachtach den obair tógála iad, nó atá ríthábhachtach d’ullmhúchán na hoibre tógála, nó do chríochnú na hoibre tógála. Áirítear leis seo:
    • an suíomh a ghlanadh
    • créchartadh
    • tochailt
    • tollánú
    • tolladh
    • bunsraith a leagan síos
    • scafalra a chur suas
    • an suíomh a athchóiriú
    • tírdhreachú
    • agus
    • róid a sholáthar agus oibreacha eile rochtana.
  • Oibreacha ar cuid ríthábhachtach den obair tógála iad, nó atá ríthábhachtach d’ullmhúchán na hoibre tógála, nó do chríochnú na hoibre tógála, ar nós druileáil le haghaidh mianraí, ola, gás nádúrtha nó acmhainní eile nádúrtha
  • Ábhair nó innealra duine eile a iompar le haghaidh úsáide in aon cheann de na gníomhaíochtaí sa liosta thuas (ar a dtugtar ‘tarlú ar cíos’).

Féach an Construction Operations Manual le haghaidh liosta iomlán de gach oibríocht.

Ar aghaidh: An bhfuil tú féinfhostaithe nó an fostaí thú?