Cáin Chorparáide (CC) a íoc agus a thíolacadh

Léargas ginearálta

Is gá do chuideachtaí cónaitheacha Éireannacha agus neamhchónaitheacha Cáin Chorparáide (CC) a íoc ar na brabúis incháinithe a dhéanann siad sna cásanna seo a leanas :

  • déanann cuideachta cónaitheach gnó in Éirinn 
  • déanann cuideachta neamhchónaitheach gnó in Éirinn trí bhrainse nó trí ghníomhaireacht
  • ón 1 Eanáir 2022, tá cuideachta neamhchónaitheach ag fáil brabúis nó gnóthachain i leith maoine ar cíos in Éirinn.

Tá roinnt eisceachtaí ann ina bhféadfaidh sé go bhfuil siad díolmhaithe. Tugtar eolas sa rannán seo ar an gcaoi ar chóir do chuideachtaí an CC atá dlite acu a íoc agus a dtuairisceáin chánach a thíolacadh.

Ar aghaidh: Íoc agus tíolacadh