Cáin Chorparáide (CC) a íoc agus a thíolacadh

Réamhcháin Chorparáide

Cuideachtaí móra

Féadfaidh cuideachtaí móra a réamhcháin a íoc in dhá thráthíocaíocht. Is éard is cuideachta mhór ann ná cuideachta a raibh a dliteanas CC os cionn €200,000 sa tréimhse chuntasaíochta roimhe. Sa chás go bhfuil an tréimhse roimhe níos lú ná 12 mhí, ní mór an cháin dhlite a ‘bhliantúlú’ le cinneadh má tá an chuideachta incháilithe mar chuideachta mhór. 

Ceadaítear íocaíochtaí barúlacha réamhchánach a leithdháileadh idir baill de ghrúpa. Déanfar íocaíochtaí réamhchánach an ghrúpa a mheasúnú chun an tsuim úis a chaithfidh cuideachtaí móra a íoc a choinneáil chomh híseal agus is féidir.  Más é seo rogha na cuideachta, ní mór di iarratas a dhéanamh ar dtús chuig Tascfhórsa Bainistíochta Fiachais na gCoimisinéirí Ioncaim. Ní mór don chuideachta 100% den Cháin Chorparáide dlite a íoc roimh dháta tíolactha an tuairisceáin. 

Cuideachtaí beaga

Is éard is cuideachta bheag ann ná cuideachta nach raibh a dliteanas Cánach Corparáide os cionn €200,000 sa tréimhse chuntasaíochta roimhe. Ní fholaíonn an tsuim seo formhuirir ná cáin ioncaim faoi Alt 239. Sa chás go bhfuil an tréimhse roimhe níos lú ná 12 mhí, ní mór an cháin dhlite a 'bhliantúlú'. Déantar é seo le cinneadh a dhéanamh ar cé acu an gcáilíonn an chuideachta mar chuideachta bheag.

Féadann cuideachtaí beaga a réamhcháin i leith tréimhse chuntasaíochta a bhunú:

  • ar 100% dá ndliteanas Cánach Corparáide don tréimhse chuntasaíochta roimhe
  • ar 90% dá ndliteanas Cánach Corparáide don tréimhse reatha (agus níl aon fhoráil ann chun íocaíochtaí breise a dhéanamh). 

Ní fhéadann suim na réamhchánach a íoctar a bheith níos lú ná an ceann is lú de cheachtar díobh seo.

Má roghnaíonn tú an riail 100% agus má tá an tréimhse roimhe níos lú ná 12 mhí, ní mór an dliteanas Cánach Corparáide a ‘bhliantúlú’.

Cuideachtaí nua nó nua-thionscanta

Ní chaithfidh cuideachtaí nua nó nua-tionscanta réamhcháin a íoc ar a gcéad tréimhse chuntasaíochta más rud é gur lú a gCáin Chorparáide ná €200,000. Is é seo gan an formhuirear san áireamh, ach Cáin Ioncaim iníoctha faoi Alt 239 den Acht Comhdhlúite Cánach, 1997 san áireamh. Ina áit sin, ní mór dóibh a bhformhuirear deiridh CC a íoc ar an gcéad tréimhse chuntasaíochta nuair atá a dtuairisceán CC á dtíolacadh acu.

Ar aghaidh: Cén uair a bhíonn Réamhcháin Chorparáide (CC) dlite?