Cáin Chorparáide (CC) a íoc agus a thíolacadh

  1. Léargas ginearálta
  2. Íoc agus tíolacadh
  3. Réamhcháin Chorparáide
  4. Cén uair a bhíonn Réamhcháin Chorparáide (CC) dlite?

Cén uair a bhíonn Réamhcháin Chorparáide (CC) dlite?

Cuideachtaí móra

Féadfaidh cuideachtaí móra a réamhcháin CC a íoc in dhá thráthchuid nuair is faide a dtréimhse chuntasaíochta ná seacht mí.  

Tá an chéad tráthchuid íocaíochta dlite ar an 23ú den séú mí sa tréimhse chuntasaíochta. Féadtar ceachtar den dá mhéid seo a bheith dlite:

  • 50% den dliteanas CC don tréimhse chuntasaíochta roimhe
  • 45% den dliteanas CC don tréimhse reatha chuntasaíochta. 

Tá an dara tráthíocaíocht dlite ar an 23ú lá den 11ú mí. Tabharfaidh sé seo an réamhcháin suas go 90% den cháin deiridh dhlite don tréimhse reatha chuntasaíochta. 

Ní mór do chuideachtaí 90% dá réamhcháin a íoc in aon chnapshuim amháin más tréimhse níos lú ná seacht mí é an tréimhse chuntasaíochta. 

Cuideachtaí beaga

Ní mór do chuideachtaí beaga a réamhcháin in aon chnapshuim amháin más rud é go bhfuil dliteanas CC níos lú ná €200,000 acu ina dtréimhse chuntasaíochta roimhe. Ní mór é seo a íoc 31 lá roimh dheireadh a dtréimhse chuntasaíochta, agus roimh an 23ú lá den mhí sin.