Tuairisceáin tríú páirtí

Earnáil ioncaim ó chíos

Ní mór do ghníomhairí agus bainisteoirí ligin áitribh (idirghabhálaithe idirlín san áireamh) Foirm 8-3 a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim. Ní mór sonraí a bheith sa tuairisceán seo faoi na híocaíochtaí a bhaineann le háitreabh bainistithe.

Ní mór an Fhoirm 8-3 a thíolacadh gach bliain in éineacht leis an tuairisceán Cánach Corparáide nó Cánach Ioncaim. Ní mór an tuairisceán a thíolacadh faoin gcatagóir ‘Tuairisceáin Tríú Páirtí ’in M’Fhiosruithe san áis moChúrsaí de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.

Faigheann na Coimisinéirí Ioncaim tuairisceáin tríú páirtí faoin earnáil chíosa ó roinnt foinsí eile, mar shampla:

  • An Bord um Thionóntachtaí Cónaithe
  • An Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) – Íocaíochtaí Forlíonta Cíosa (IFC)
  • agus
  • An Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil:
    • An Scéim Cóiríochta ar Cíosa (SCC)
    • An Tionscnamh um Leasú Tithíochta Sóisialta (TLTS)
    • Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ICT)
    • agus
    • Áit Chónaithe Phríobháideach Neamh-Phríomha (ACPNP).

Ar aghaidh: Tuairisceáin éagsúla tríú páirtí