Conarthaí um Chánachas Dúbailte

Léargas ginearálta

Tá Comhaontuithe cuimsitheacha um Chánachas Dúbailte (CCDanna) sínithe ag Éirinn le 76 tír agus tá 74 cinn díobh i bhfeidhm. Clúdaíonn na comhaontuithe cánacha díreacha, a bhfuil na cánacha seo a leanas i gceist leo in Éirinn:

  • Cáin Ioncaim
  • Muirear Sóisialach Uilíoch
  • Cáin Chorparáide
  • Cáin Gnóthachan Caipitiúil.

Achoimre é an méid seo a leanas den obair atá ar bun chun idirbheartaíocht a dhéanamh ar chomhaontuithe nua um chánachas dúbailte agus chun comhaontuithe reatha a thabhairt cothrom le dáta:

  • Shínigh Éire agus an Chosaiv Conradh nua um Chánachas Dúbailte ar an 25 Meitheamh 2021. Tháinig an CCD i bhfeidhm ar an 24 Feabhra 2022 . Tháinig na forálacha bainteacha de bheith i bhfeidhm ar an 1 Eanáir 2023.
  • Tháinig an Prótacal don CCD atá ann cheana idir Éirinn agus Oileán Mhanann i bhfeidhm ar an 19 Nollaig 2022. Tháinig na forálacha bainteacha de bheith i bhfeidhm ar an 1 Eanáir 2023.
  • Tháinig an Prótacal don CCD atá ann cheana idir Éirinn agus Geansaí i bhfeidhm an 19 Nollaig 2022 . Tháinig na forálacha bainteacha de bheith i bhfeidhm ar an 1 Eanáir 2023.
  • Tháinig an Prótacal don CCD atá ann cheana agus an Prótacal Leasaitheach idir Éirinn agus an Ghearmáin i bhfeidhm ar an 30 Nollaig 2021. Tháinig na forálacha bainteacha de bheith i bhfeidhm ar an 1 Eanáir 2022.
  • Shínigh Éire agus an Chéinia CCD nua ar an 23 Iúil 2021 . Níl an CCD i bhfeidhm fós . Tá nósanna imeachta idir lámha chun an CCD a dhaingniú. 
  • Shínigh Éire agus Gána Conradh nua um Chánachas Dúbailte ar an 7 Feabhra 2018. Níl an Comhaontú um Chánachas Dúbailte i bhfeidhm fós. Tá nósanna imeachta idir lámha chun an Comhaontú um Chánachas Dúbailte a dhaingniú.
  • Tá idirbheartaíocht curtha i gcrích le haghaidh Comhaontú nua um Chánachas Dúbailte le hÓman agus le hUragua agus le haghaidh Prótacal i leith an CCD reatha le Meicsiceo.
  • Chomh maith le hidirbheartaíocht a dhéanamh ar na conarthaí nua, tá ath-idirbheartaíocht ar na conarthaí reatha ag leanúint ar aghaidh.

Dhaingnigh Éire an Coinbhinsiún Iltaobhach chun Bearta Bainteach le Conarthaí Cánach a Fheidhmiú um BEPS a chosc (MLI) i mBille Airgeadais 2018. Tháinig sé seo i bhfeidhm d’Éirinn ar an 1 Bealtaine 2019.Féach ar Comhaontuithe iltaobhacha le haghaidh tuilleadh eolais ar an MLI.

Ar aghaidh: Faoiseamh