Conarthaí um Chánachas Dúbailte

Faoiseamh

Faoiseamh aontaobhach

Sa chás nach bhfuil comhaontú um chánachas dúbailte ag Éirinn le tír nó dlínse áirithe, nó sa chás nach gclúdaíonn comhaontú um chánachas dúbailte cáin áirithe, foráiltear faoin Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997 (ACC 1997) le haghaidh faoiseamh iltaobhach i ndáil le cineálacha áirithe ioncaim agus gnóthachan:

  • díbhinní ó fhochuideachtaí eachtracha
  • brabúis ó bhrainsí eachtracha
  • ús agus ríchíosanna eachtracha
  • ioncam léasa
  • gnóthachain chaipitiúla ar shócmhainní eachtracha.

I míreanna 9A–9H de Sceideal 24, tá na príomhfhorálacha de ACC, 1997 ina ndéileáiltear le faoiseamh aontaobhach.

Faoisimh bhreise

Tá faoisimh freisin faoi na Treoracha seo a leanas:

  • “An Treoir um Máthairchuideachtaí–Fochuideachtaí” ón AE (90/435/CEE) (alt 831 den ACC, 1997).
  • “Treoir um Ús agus Ríchíosanna” ón AE (2003/49/CEE) (alt 267G-L den ACC 1997).
  • “Treoir um Chumaisc" ón AE (90/434/CEE) (ailt 630-638 den ACC 1997).

Ar aghaidh: Conarthaí cánach de réir tíre