Cáin Chorparáide

Caillteanais trádála

Má bhaineann caillteanais trádála do do chuideachta le linn tréimhse chuntasaíochta, féadtar iad seo a fhritháireamh in aghaidh an mhéid seo a leanas mar fhaoiseamh ó cháin:

  • ioncam eile trádala don tréimhse chuntasaíochta chéanna
  • ioncam trádála don tréimhse chuntasaíochta díreach roimhe.

Ríomhtar an faoiseamh seo ar bhonn euro do gach euro. Ciallaíonn sé seo go bhféadtar caillteanas aon euro a fhritháireamh in aghaidh brabús aon euro.

Faoiseamh ar bhonn luacha 

Féadtar aon chaillteanais neamhúsáidte trádála a fhritháireamh in aghaidh ioncam neamhthrádála, lena n-airítear gnóthachain inmhuirir, ar bhonn luacha. Tá an luach cánach ar chaillteanais trádála teoranta do 12.5%, is é sin an ráta caighdeánach Cánach Corparáide.

Mínítear sa sampla seo a leanas an chaoi a bhféadtar caillteanas trádála a fhritháireamh ar bhonn luacha in aghaidh ioncam neamhthrádála.

Caillteanais tugtha ar aghaidh

Féadtar na caillteanais neamhúsáidte trádála a thabhairt ar aghaidh, gan teorainn ama, in aghaidh ioncam trádála na trádála céanna i dtréimhsí cuntasaíochta ina dhiaidh sin. Ní mór caillteanas a éileamh in aghaidh na chéad bhrabúis infhaighte den trádáil chéanna.

Ní bhaineann na forálacha thuas le cuideachtaí i mbun gnó eisiata. Féadann na cuideachtaí sin caillteanas trádala a fhritháireamh in aghaidh:

  • a gcuid brabús iomlán don tréimhse chéanna inar tháinig an caillteanas aníos
  • agus
  • a gcuid brabús iomlán sa tréimhse chuntasaíochta díreach roimhe.