Céard is gnóthas ann?

Is gnóthas é gairm nó trádáil a sholáthraíonn earraí, seirbhísí nó an dá rud. Is ar do chúinsí féin a bhraitheann sé cé acu an oibríonn tú an gnóthas mar thrádálaí aonair, mar chomhpháirtíocht nó mar chuideachta. Tá cur síos gearr ar na téarmaí seo ar fáil thíos.

Trádálaí aonair

Más trádálaí aonair tú, is tusa a dhéanann gach cinneadh gnó. Ní bheidh aon pháirtí agat sa ghnóthas, ach féadfaidh sé go bhfuil fostaithe agat. Is tusa atá freagrach as taifid a choinneáil i dtaca le do ghnóthas.

Chun dul i mbun gnó mar thrádálaí aonair, ní mór duit clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim mar dhuine féinfhostaithe má tá do ghlanioncam os cionn €5,000. Beidh ort Cáin IoncaimÁrachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) agus an Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) a íoc ar do chuid brabús gnó.

Beidh ort aon Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT) fostaithe, ÁSPC fostóraCáin Bhreisluacha (CBL) agus Cáin Conarthaí Iomchuí (CCI) atá dlite a íoc.

Bain úsáid as Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) chun do thuairisceán bliantúil cánach a thíolacadh. Tugtar Foirm 11 air seo. Is tríd an gcóras ÍMAT a íoctar aon tuarastail a íocann tú le fostaithe.

Mar thrádálaí aonair, pléifear le do chúrsaí cánach faoi d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) i gcónaí.

Comhpháirtíocht

Is éard is comhpháirtíocht ann ná gnóthas a rith in éineacht le duine eile nó le níos mó ná duine eile. Tugtar an ‘Comhpháirtí Fasach’ ar an duine atá freagrach as taifid a choinneáil i dtaca leis an ngnóthas.

Ní mór do gach comhpháirtí Cáin Ioncaim, ÁSPC agus MSU a íoc ar a gcuid féin den bhrabús gnó. Ní mór duit do sciar féin den bhrabús gnó a chur san áireamh i do thuairisceán cánach pearsanta féin. Ní mór don chomhpháirtíocht aon ÍMAT fostaithe, ÁSPC fostóra, CBL agus CCI atá dlite a íoc.

Féadfaidh sé go bhfuil fostaithe agat chomh maith. Íoctar tuarastail na bhfostaithe tríd an gcóras ÍMAT.

Is é an Fhoirm 1 (Gnólachtaí) an tuairisceán bliantúil le haghaidh comhpháirtíochtaí. Ní mór don Chomhpháirtí Fasach an fhoirm seo a chomhlánú.

Nuair a chláraítear an chomhpháirtíocht, eiseoidh na Coimisinéirí Ioncaim Uimhir Tagartha Canach (UTC) le haghaidh na comhpháirtíochta. Úsáidtear an uimhir seo chun clárú le haghaidh ÍMAT d’fhostóirí, ÁSPC d’fhostóirí, CBL agus CCI. Pléifear le do chúrsaí cánach pearsanta faoi d’uimhir PSP.

Cuideachta

Is éard is cuideachta ann ná foirm dhlíthiúil eagraíochta gnó. Is eintiteas dlíthiúil ar leith ón té atá á stiúradh. Má tá tú ag trádáil mar chuideachta, níl tú féinfhostaithe.

Ní mór don chuideachta Cáin Chorparáide (CC) a íoc ar a brabúis ghnó. Is í an Fhoirm CT1 tuairisceán bliantúil na cuideachta. Ní mór é seo a thíolacadh trí ROS. Ní mór don chuideachta aon ÍMAT, CBL agus CCI atá dlite a íoc. Íoctar gach tuarastal agus táille do stiúrthóirí tríd an gcóras ÍMAT.

Eiseoidh na Coimisinéirí Ioncaim UTC ar leith don chuideachta. Pléifear le do chánacha pearsanta faoi d’uimhir PSP.