Is fostaí ÍMAT é Seán. Is duine singil é agus seo a leanas a chuid creidmheasanna cánach agus a bhanda ráta le haghaidh 2022:
Creidmheasanna cánach agus bandaí ráta
Cur síos
|
Luach |
Creidmheas Cánach Duine Aonair |
€1,700
|
Creidmheas Cánach ÍMAT |
€1,700
|
Iomlán na gCreidmheasanna cánach |
€3,400 in aghaidh na bliana (€65.39) in aghaidh na seachtaine
|
Banda ráta |
€36,400 in aghaidh na bliana (€707.69 in aghaidh na seachtaine)
|
Tugadh deimhniú creidmheasanna cánach do Sheán ar a léiríodh na creidmheasanna cánach agus banda ráta seo, agus ar a léirítear go bhfuil Bonn Sheachtain 1 i bhfeidhm. Cuireadh Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim(FPCI) ar fáil dá fhostóir leis na suimeanna iomlána.
Tuilleann Seán €600 in aghaidh na seachtaine. Is é seo an chaoi a ríomhtar a cháin sheachtainiúil:
Ríomh cánach seachtainiúil Sheáin do lá pá 14 Eanáir 2022
Cur síos |
Ioncam | Cáin | Míniú |
Cáin gearrtha ag an ráta 20% |
€600 |
€120.00 |
Cuir an ráta caighdeánach 20% i bhfeidhm suas le teorainn an bhanda ráta (€707.69) ar an FPCI
|
Cáin gearrtha ag an ráta 40% |
€0 |
€0 |
Ós rud é gur lú ioncam Sheáin (€600) ná a bhanda ráta (€707.69), ní íocann sé cáin ag an ardráta 40% an tseachtain seo |
Cáin Chomhlán |
|
€120.00 |
Suimigh an tsuim chánach ag an ráta caighdeánach le suim na cánach ag an ardráta (más ann dó) |
Lúide creidmheasanna cánach |
|
€65.39 |
Bain uaidh na creidmheasanna cánach mar a léirítear ar an Deimhniú Creidmheasanna Cánach |
Cáin iníoctha |
|
€54.61 |
Cáin chomhlán lúide creidmheasanna cánach |
Ríomh cánach seachtainiúil Sheáin do lá pá 21 Eanáir 2022
Cur síos |
Ioncam | Cáin | Míniú |
Cáin gearrtha ag an ráta 20% |
€600 |
€120.00 |
Cuir an ráta caighdeánach 20% i bhfeidhm suas le teorainn an bhanda ráta (€707.69) ar an FPCI |
Cáin gearrtha ag an ráta 40% |
€0 |
€0 |
Ós rud é gur lú ioncam Sheáin (€600) ná a bhanda ráta (€707.69), ní íocann sé cáin ag an ardráta 40% an tseachtain seo |
Cáin Chomhlán |
|
€120.00 |
Suimigh an tsuim chánach ag an ráta caighdeánach le suim na cánach ag an (más ann dó) |
Lúide creidmheasanna cánach |
|
€65.39 |
Bain uaidh na creidmheasanna cánach mar a léirítear ar an Deimhniú Creidmheasanna Cánach |
Cáin iníoctha |
|
€54.61 |
Cáin chomhlán lúide creidmheasanna cánach. |