Do Cháin Ioncaim a ríomh

Céard is Deimhniú Creidmheasanna Cánach ann?

Leagann do Dheimhniú Creidmheasa Cánach (DCC) amach na sonraí seo a leanas don bhliain chánach:

Beidh tú in ann do Dheimhniú Creidmheasanna Cánach a fheiceáil, a phriontáil nó a íoslódáil in Mo Chuid Doiciméad in moChúrsaí.

Nuair a thosaíonn tú do chéad phost, ba cheart duit dul ar líne, clárú le haghaidh moChúrsaí agus d'fhostaíocht a chlárú láithreach. Muna dhéantar, beidh ort cáin éigeandála a íoc. Beidh Deimhniú Creidmheasanna Cánach le fáil agat i ‘Mo Chuid Doiciméid’ agus d'fhostaíocht nua cláraithe agat.

Cuirfear Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) ar fáil, ar iarratas ó d’fhostóir. Léirítear ar an FPCI iomlán do chreidmheasanna cánach, do bhandaí ráta cánach agus MSU. Ní thabharfaidh na Coimisinéirí Ioncaim miondealú ar na creidmheasanna cánach a d’éiligh tú do d’fhostóir, gan ach an méid iomlán. Úsáidfidh d’fhostóir é seo chun do cháin agus do MSU a ríomh.

Tabhair do d'aire

Is oibleagáid ar d’fhostóir d’fhostaíocht nua a chlárú seachas sa chás gurb é do chéad fostaíocht sa Stát. Ní mór do d’fhostóir d’fhostaíocht a chlárú leis na gCoimisinéirí Ioncaim ach iarratas a dhéanamh ar Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) nua duit.

Ar aghaidh: Féachaint ar do shonraí pá agus cánach