Eolas ar thíolacadh párolla

Aitheantóir Fostaíochta

Tabhair do d’aire

Baineann an t-eolas ar an leathanach seo le do dhualgais reatha. Chun eolas a fháil ar do dhualgais roimh 01 Eanáir 2019, féach ar an treoir d’fhostóirí in Employers Guide to PAYE.

Is réimse é an tAitheantóir Fostaíochta atá san áireamh ar Fhógraí Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) agus ar an tíolacadh párolla. Is réimse éigeantach é seo ar an tíolacadh párolla sa chás go bhfuil Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) fostaí ar fáil. Tá an tAitheantóir Fostaíochta uathúil i leith gach fostaíocht ar leithligh de chuid fostaí. Bainfear úsáid as chun idirdhealú a dhéanamh idir:

  • fostaíochtaí iomadúla de chuid fostaí leis an bhfostóir céanna
  • tréimhsí éagsúla fostaíochta (sa chás go scoireann fostaí d’fhostaíocht agus go dtosaíonn siad fostaíocht arís leis an bhfostóir céanna sa bhliain chéanna).

Ní mór d’fhostóirí an tAitheantóir Fostaíochta a shocrú nuair atá fostaíocht á clárú. Má bhaineann tú úsáid as:

Nuair a dhéanann tú do chéad tíolacadh párolla, tabharfaidh sé ár dtaifid cothrom le dáta leis an Aitheantóir Fostaíochta. Bainfidh muid úsáid as an Aitheantóir Fostaíochta le d’uimhir clárúcháin fostóra agus le UPSP an fhostaí le seiceáil más ann do thaifead fostaíochta. Mura bhfuil taifead fostaíochta ann, cruthófar ceann nua.

Défhostaíocht

Tarlaíonn défhostaíocht sna cásanna seo:

  • má tá fostaí ar do phárolla agat a bhfuil dhá fhostaíocht ghníomhacha acu
  • agus
  • más mian leat an dá thacar pá a choinneáil ar leithligh ar do thaifid phárolla.

Leis an Aitheantóir Fostaíochta, beidh tú in ann idirdhealú a dhéanamh idir dhá fhostaíocht nuair atá do thíolacadh párolla á thíolacadh agat.

Tréimhse leanúnach fostaíochta

Maidir leis an Aitheantóir Fostaíochta a thugann tú do d’fhostóir, ní mór dó fanacht mar an Aitheantóir céanna le haghaidh tréimhse leanúnach fostaíochta. Ní fhéadtar é a athrú nuair atá an fhostaíocht seo gníomhach. Tá sé seo i gceist fiú amháin má chlúdaíonn sé blianta cánach i ndiaidh a chéile.

Atosú fostaíochta sa bhliain chéanna chánach

Féadfaidh sé go stopann agus go n-atosaíonn fostaí de bheith ag obair duit sa bhliain chéanna chánach.

Sa chás seo, ní mór duit caitheamh leis an dara tréimhse fostaíochta mar fhostaíocht nua. Ní mór Aitheantóir Fostaíochta nua a thabhairt don fhostaí.

Ba chóir duit FPCI nua a iarraidh don fhostaíocht nua leis an Aitheantóir Fostaíochta nua.

Atosaigh i mblianta ina dhiaidh sin

Féadtar an tAitheantóir Fostaíochta ‘1’ a ath-úsáid le haghaidh fostaí a atosaíonn fostaíocht leat sa bhliain chánach ina dhiaidh. Is amhlaidh seo toisc deireadh a bheith tagtha leis an tréimhse fostaíochta roimhe sin leis an Aitheantóir Fostaíochta ‘1’ sa bhliain roimhe sin.

Ar aghaidh: Sainmhíniú ar dáta pá