Eolas ar thíolacadh párolla

Sainmhíniú ar dáta pá

Ní mór pá agus asbhaintí a thuairisciú chuig na Coimisinéirí Ioncaim ar an dáta a íoctar na fostaithe, nó roimhe.

I gcomhthéacs nua-aoisiú ÍMAT, is é an sainmhíniú ar ‘dáta íoctha’ ná an dáta a chuirtear na cistí ar fáil. Féadfaidh na dátaí seo a bheith éagsúil óna chéile, ag brath ar an gcaoi a n-íocann tú an fostaí. Má íocann tú d’fhostaí:

  • le hairgead tirim, is é seo an dáta ar a dtugtar an t-airgead tirim don fhostaí
  • le seic, is é seo an dáta ar an seic
  • le aistriú bainc, is é seo an dáta atá na cistí sceidealaithe le cur ar fáil i gcuntas bainc an duine aonair. 

Sa chás go dtiteann lá pá ar lá nach lá oibre bainc é agus má tá íocaíochtaí le fostaithe dlite ar an lá sin, measann na Coimisinéirí Ioncaim gurb é an lá sin an lá pá. Tarlaíonn sé seo ar an gcoinníoll go gcuirtear na cistí ar fáil don fhostaí ar an lá oibre bainc roimhe sin.

Ar aghaidh: Ceartúcháin