Eolas ar thíolacadh párolla

Cé a chuirtear san áireamh ar thíolacadh párolla?

I gcás gach tíolactha párolla, ní mór duit faisnéis phárolla i leith gach fostaí a íocann tú a chur ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim, lena n-áirítear:

Ní mór chomh maith Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí gach fostaí atá tú ag íoc a chur san áireamh. Sa chás nach bhfuil an UPSP ar fáil, ní mór ainm, seoladh agus dáta breithe an fhostaí a thuairisciú. Caithfear Tagairt an Fhostóra a bheith san áireamh (agus fanacht gan athrú) i ngach párolla tíolactha go dtí go bhfuil UPSP ar fáil. Ní mór duit a chinntiú go gcuireann tú an Tagairt Fostóra chéanna isteach ar an gcéad tíolacadh párolla ina n-úsáideann tú an UPSP. Ligfidh sé seo do na Coimisinéirí Ioncaim sonraí pá agus cánach a tíolacadh roimhe seo gan UPSP a mheaitseáil.

Sa chás go bhfuil fostaí ag tosú ar a gcéad phost in Éirinn, ba chóir d’fhostóir a chinntiú go bhfuil an post cláraithe ag an bhfostaí leis na Coimisinéirí Ioncaim le moChúrsaí

Ar aghaidh: Cé na sonraí pá fostaí is gá a chur san áireamh?