Eolas ar thíolacadh párolla

Cé na sonraí eile is gá a chur san áireamh i dtíolacadh párolla?

Dáta pá

Is é seo an dáta a íocadh an fostaí. Úsáidtear é le deimhniú cé acu tréimhse lena mbaineann an tíolacadh.

Dáta tosaigh na fostaíochta

Ba chóir an réimse seo a chomhlánú nuair a íocann fostóir fostaí den chéad uair. Ba chóir é a thabhairt cothrom le dáta má leasaíodh an dáta tosaigh i mbabhta párolla ina dhiaidh sin.

Dáta fágála

Ba chóir an réimse seo a chomhlánú nuair a fhágann fostaí d’fhostaíocht.

Uimhir Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI)

Is é seo uimhir an FPCI a úsáidtear chun asbhaintí a ríomh. Baintear úsáid as le cinntiú go bhfuil an FPCI is cothrom le dáta á n-oibriú ag an bhfostóir.

Préimh árachais leighis incháilithe le haghaidh faoiseamh cánach

Má íocann tú árachas leighis mar Shochar Comhchineáil, ní mór an réimse seo a chomhlánú. Ní mór suim iomlán an árachais leighis atá íoctha agat a chur san áireamh ar an tíolacadh párolla.

Fostaí díolmhaithe ó Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) 

Baineann sé seo le fostaithe atá díolmhaithe ó ÁSPC a íoc in Éirinn. Fad is atá na fostaithe ag fáil íocaíochtaí in Éirinn, tá siad clúdaithe le haghaidh árachas sóisialach i Stát eile. Níor chóir an marcóir díolúine a úsáid sa chás nach n-iarrtar ar dhuine ÁSPC a íoc ar aon chúis eile.

Díolúine ó Mhuirir Shóisialaigh Uilíoch (MSU)

Tá an marcóir seo i gceist fiú má tá fostaí díolmhaithe ó MSU a íoc ar a gcuid ioncaim. Níl sé seo i gceist ó thaobh fostaí a bhfuil a n-ioncam faoin tairseach chun MSU a íoc.

Seachtain 53

Tá sé seo i gceist nuair atá 53 lá pá seachtainiúla sa bhliain. Tarlóidh sé seo nuair a thiteann lá pá ar 31 Nollaig. I gcás bliain bhisigh, ar 30 nó 31 Nollaig.

Níl sé seo i gceist má cháilíonn fostaí le haghaidh 53 lá pá seachtainiúil, 27 lá pá coicísiúil, nó 14 lá pá in aon cheithre seachtaine.

Uimhir rianaithe pinsin

Tá sé seo i gceist má oibríonn tú scéim cheadaithe pinsin ceirde. Faoin bpróiseas seo, cruthófar uimhir tagartha don Bhord Pinsin, agus ba chóir é seo a chur san áireamh ar an tíolacadh párolla. Ligfidh sé seo do lucht scoir teidlíochtaí pinsin ó fhostaí éagsúla a rianú le linn a ngairme beatha.

Minicíocht phá

Is é seo minicíocht phá an fhostaí a bhí i bhfeidhm le linn na tréimhse lena mbaineann an tíolacadh. Féadann an mhinicíocht a bheith seachtainiúil, coicísiúil, gach ceithre seachtaine, míosúil, dhá uair sa mhí, ráithiúil, dhá uair sa bhliain, míosúil seachtain-bhunaithe, bliantúil, nó minicíocht eile.

Tagairt babhta párolla

Tagairt é seo a úsáidtear chun an imeacht párolla lena mbaineann an tíolacadh a shainaithint. Ligeann sé seo d’fhostóirí lánsuimeanna a fháil le haghaidh babhta párolla, fiú nuair atá ceartúcháin nó tíolacthaí iomadúla ann.

Uimhir Aitheantais na Fostaíochta

Aitheantóir uathúil is ea seo i leith gach fostaíocht ar leithligh de chuid fostaí. Baintear úsáid as chun idirdhealú a dhéanamh idir fostaíochtaí iomadúla de chuid fostaí leis an bhfostóir céanna. Tá tuilleadh eolais ar fáil in Aitheantóirí Fostaíochta.

Tagairt an fhostóra

Aitheantóir inmheánach foirne is ea seo. Tá an réimse seo éigeantach nuair nach bhfuil Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí an fhostaí ar fáil. Ní mór go bhfanfadh sé gan athrú i ngach tíolacadh a dhéanann an fostóir go dtí go bhfuil UPSP an fhostaí ar fáil.

Le tuilleadh eolais agus físeanna teagaisc ar an gcaoi le tíolacthaí párolla a dhéanamh, féach Dualgais Fostóra ó 1 Eanáir 2019.

Ar aghaidh: Cén fhaisnéis ar shochair is gá a chur ar fáil?