Oibleagáidí párolla an fhostóra
Tíolacthaí párolla
Nuair a dhéanann tú íocaíocht le d’fhostaí, tá roinnt sonraí nach mór duit a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim. Folaíonn siad seo an pá agus na hasbhaintí reachtúla, in éineacht le faisnéis eile párolla.
Céard is gá duit a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim
I gcás gach tíolacadh párolla, ní mór duit an fhaisnéis thíos a sholáthar do gach fostaí:
Féadtar teacht ar fhaisnéis níos mionsonraithe faoi cad ba cheart a thuairisciú sa rannán Eolas faoi párolla a thíolacadh.
Freagrachtaí comhlíontachta
Tá tú freagrach as a chinntiú go gcomhlíonann do chóras dlíthe cánach, cibé acu a úsáideann tú:
Ní mór duit faisnéis phárolla a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim ar an dáta a dhéanann tú íocaíocht le d'fhostaí, nó roimhe.
Modhanna tuairiscithe i bhfíor-am
Tá roinnt bealaí ann chun sonraí párolla a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim i bhfíor-am.
Ag úsáid bogearraí párolla
Ligeann tuairisciú díreach párolla do bhogearraí párolla faisnéis phárolla a sheoladh go huathoibríoch chuig ROS. Ligeann tuairisciú párolla ROS duit comhaid phárolla a uaslódáil chuig ROS de láimh, más féidir le do bhogearraí iad a ghiniúint.
Gan bogearraí párolla
Féadtar ROS a úsáid chun sonraí párolla a chur isteach go díreach leis an rogha Párolla a thíolacadh trí fhoirm ar líne. Má tá tú eisiata ó chomhdú leictreonach, cuirfear stáiseanóireacht shaincheaptha ar fáil duit chun tíolacthaí agus tuairisceáin a dhéanamh. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Eisiamh ó chomhdú leictreonach éigeantach.
Conas párolla a thíolacadh trí comhad a uaslódáil
Conas párolla a thíolacadh le foirm ar líne
Conas párolla a thíolacadh d'fhostaí nua trí fhoirm ar líne
Conas féachaint ar phárolla
Ar aghaidh: Ráitis ó na Coimisinéirí Ioncaim