Oibleagáidí párolla an fhostóra

Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI)

Sula ritheann tú párolla, ní mór duit an FPCI is déanaí a iarraidh do gach fostaí. Cinntíonn sé seo go bhfuil na creidmheasanna cánach agus na scoithphointí cearta á n-úsáid agat. Insíonn an FPCI duit cé mhéad is gá duit a asbhaint i leith:

Áirítear leis seo:

  • creidmheasanna cánach
  • scoithphointí do Cháin Ioncaim agus MSU
  • pá, cáin agus MSU a asbhaineadh cheana féin le haghaidh aon fhostaíochta scoite ón 1 Eanáir, ach amháin ar bhonn seachtaine 1 nó mí 1
  • agus
  • aon díolúintí  ó Cháin Ioncaim nó MSU.

Ba chóir do bhogearraí párolla na FPCIanna is déanaí a fháil go huathoibríoch ó na Coimisinéirí Ioncaim. Mura n-úsáideann tú bogearraí párolla, féadtar FPCI a iarraidh de láimh trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)..

Ní mór duit an FPCI is déanaí a úsáid i gcónaí agus pá agus asbhaintí fostaí á ríomh. Mura bhfuil tú in ann FPCI a fháil, ní mór duit an bonn éigeandála a oibriú ar phá d'fhostaí.

Conas FPCIanna trí uaslódáil comhad a iarraidh

Conas FPCIanna a iarraidh d'fhostaithe atá ann cheana trí fhoirm ar líne

Conas FPCIanna a iarraidh d'fhostaithe áirithe trí fhoirm ar líne

Conas FPCIanna a iarraidh d'fhostaithe nua trí fhoirm ar líne

Ar aghaidh: Fostaithe a thosú agus a scor