Oibleagáidí párolla an fhostóra
Fostaithe a thosú agus a scor
Mar fhostóir, ní mór duit na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas nuair a bhíonn d'fhostaithe:
- ag tosú a bhfostaíocht
- agus
- ag cur deireadh lena bhfostaíocht
Fógra a thabhairt d'fhostaí nua
Ní mór duit gach fostaí nua a chlárú, murab é an chéad phost atá acu nó an chéad phost acu in Éirinn. Chun fostaí a chlárú, ní mór duit iarratas ar Fhógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) a thíolacadh leis an dáta tosaigh ceart. Is féidir é seo a dhéanamh trí:
Chun tuilleadh eolais a fháil, féachFoirm FPCI a iarraidh ar líne d'fhostaithe nua.
Tá FPCIanna ar fáil i bhfíor-am d'fhostaithe nua. Mar gheall air seo, níl aon ghá le Cáin Éigeandála sa chuid is mó de chásanna.
Ní bheidh feidhm ag Cáin Éigeandála ach amháin sa chásnach bhfuil FPCI ar fáil d'fhostaí.
Cén uair nach bhfuil FPCI ar fáil?
Ní bheidh FPCI ar fáil má tá an méid seo a leanas i gceist le d'fhostaí nua:
Má thosaíonn fostaí ag obair in Éirinn den chéad uair, ní mór dóibh a bhfostaíocht a chlárú ag baint úsáide as moChúrsaí. Nuair atá fostaí cláraithe, féadfaidh tú FPCI a iarraidh ina leith. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach an rannán Poist agus Pinsin.
Déan cinnte go n-iarrann tú FPCI roimh chéad lá pá d'fhostaí. Féadtar é seo a dhéanamh:
- do bhogearraí párolla
- nó
- ROS.
Cruthóidh an gníomh seo:
- an fhostaíocht ar ár dtaifid
- agus
- cuirfear FPCI ar fáil.
Tabhair do d'aire
Ná déan dearmad dáta tosaigh ceart d'fhostaí a chur san áireamh i do thíolacadh párolla.
Fostaíocht a scor
Ní mór duit an dáta fágála a chur san áireamh ar an tíolacadh párolla deiridh sa chás:
- go bhfágann fostaí d’fhostaíocht
- go n-imíonn an fostaí ar shos gairme
- nó
- go bhfaigheann fostaí bás le linn dóibh a bheith fostaithe agat.
Cuireann sé seo in iúl dúinn go bhfuil fostaí scortha d’fhostaíocht agus:
- tugann se le fios do na Coimisinéirí Ioncaim gur stop siad ag obair duit
- ciallaíonn sé go bhfaighidh a gcéad fhostóir eile an fhaisnéis cheart chánach maidir leis an FPCI a eisítear chucu
- agus
- cuidíonn sé le cáin nó MSU a sheachaint.
Má bhíonn moill i gceist le tíolacadh párolla deiridh a nuashonrú, d'fhéadfadh fostóir nua an duine sin FPCI nialasach a fháil. D'fhéadfadh asbhaintí Cánach Éigeandála a bheith mar thoradh air seo.
Má theastaíonn tuilleadh cúnaimh uait
Féach ar an bhfíseán thíos le haghaidh treoir céim ar chéim.
Corrfhostaithe
Níl uaireanta seasta ag corrfhostaithe, mar sin b'fhéidir nach mbeidh a fhios agat i gcónaí an bhfillfidh siad, nó cathain a fhillfidh siad. Mura bhfuil corrfhostaí íoctha le trí mhí, ní mór duit:
- párolla a thíolacadh le pá nialasach agus asbhaintí nialasacha don tréimhse sin
- agus
- cuir an dáta a d'fhág an fostaí leis. Ba chóir don dáta seo a bheith mar an lá deiridh a d’oibrigh siad duit.
Tabhair faoi deara:
- maidir le párolla nialasach, mura raibh fostaí ag obair nó mura bhfuair siad íoctha, ní mór duit pá agus asbhaintí nialasach a chur isteach
- agus
- ba chóir an dáta fágála a bheith mar an lá deiridh a d’oibrigh an fostaí duit. Baineann sé seo le gach fostaí, lena n-áirítear corrfhostaithe.
An fáth go bhfuil tábhacht leis seo
Má chuirtear an fhaisnéis cheart isteach, coinnítear do thaifid cothrom le dáta agus cinntítear dá réir go bhfuil gach rud cruinn chun críocha cánach nó leasa shóisialaigh.
Ar aghaidh: Tíolacthaí párolla