Eolas ar thíolacadh párolla

Ceartúcháin

Tabhair do d’aire

Baineann an t-eolas ar an leathanach seo le do dhualgais reatha. Chun eolas a fháil ar do dhualgais roimh 01 Eanáir 2019, féach ar an treoir d’fhostóirí in Employers Guide to PAYE.

Glacann muid go dtarlaíonn botúin i bpárolla. Féadfaidh tú do thíolacadh a cheartú trí do bhogearra párolla nó trí Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Ró-íocaíochtaí

Má rinneadh ró-íocaíocht le fostaí, ba chóir an ceartúchán chun an ró-íocaíocht a fháil ar ais a dhéanamh ag am na chéad babhta párolla ina dhiaidh.

Gearríocaíochtaí

Má rinneadh gearríocaíocht, ba chóir ceartúchán na gearríocaíochta a dhéanamh ag am na chéad babhta párolla ina dhiaidh.

Sonraí mícheart ar thíolacadh

Má thuairiscíonn tú sonraí mícheart ar thíolacadh, féadfar leasuithe a dhéanamh don tíolacadh chun an botún a cheartú.  Ní mór duit an tíolacadh a cheartú roimh dháta dlite an thuairisceáin chun pionóis a sheachaint.

Nuair a bheidh gach ceartúchán bailí tíolactha ag fostóir agus an tíolacadh próiseáilte againn, tabharfar iomlán an airgeadais cothrom le dáta.  Más i leith tréimhse bhilleála roimhe sin a bhaineann an ceartúchán, eisofar tuairisceán athbhreithnithe don tréimhse sin.