Eolas ar thíolacadh párolla

Cé na sonraí pá fostaí is gá a chur san áireamh?

Pá comhlán

Cuir pá comhlán an fhostaí isteach anseo roimh aon asbhaintí a dhéanamh. Folaíonn pá comhlán:

  • tuarastail
  • pá barúlach
  • bónais
  • ragobair
  • pá saoire
  • agus
  • coimisiún a íoctar sa tréimhse sin.

Pá chun críocha Cánach Ioncaim

Cuir pá comhlán isteach anseo, ach ná áirigh ann aon íocaíochtaí rialta a dhéanann an fostaí le ciste i leith pinsin (ranníocaíochtaí aoisliúntais). Tá na ranníocaíochtaí seo incheadaithe chun críocha Cánach Ioncaim agus asbhaineann an fostóir ón bpá iad. Ní mór na ranníocaíochtaí seo a dhéanamh le ciste nó scéim ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim.

Ní mór Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT) a oibriú ar an bpá incháinithe iomlán. 

Pá chun críocha an Mhuirir Shóisialaigh Uilíoch (MSU)

Cuir pá comhlán isteach anseo roimh aon asbhaintí a dhéanamh. Ní mór MSU a oibriú ar an bpá comhlán roimh aon ranníocaíochtaí pinsin a asbhaint.

Cuirtear as an áireamh gach íocaíocht ón Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) ó phá comhlán chun críocha MSU. Folaíonn sé seo Sochar Breoiteachta.

Pá chun críocha Árachais Shóisialaigh Pá-Choibhneasa (ÁSPC) an fhostaí

Cuir an pá comhlán isteach anseo, agus cuir pá barúlach nó Sochair Chomhchineáil san áireamh ann, más infheidhmithe. Tá Árachais Shóisialaigh Pá-Choibhneasa (ÁSPC) go hiomlán inmhuirir ar íocaíochtaí a dhéanann an fostaí le ceann díobh seo: 

  • scéimeanna aoisliúntais ceadaithe
  • Cuntais Coigiltis Scoir Pearsanta (PRSA)
  • Cistí Ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim (cistí CCCI)
  • Scéimeanna ceadaithe buanárachais sláinte.

Má fholaítear Cáin Maoine Áitiúil (CMÁ) ar Fhógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) i leith fostaí, ní mór duit CMÁ a asbhaint ó thuarastal an fhostaí chuí. Ní mór suim an CMÁ asbhainte a chur san áireamh ar thíolacadh párolla an fhostaí.

Cáin Ioncaim íoctha

An cháin a asbhaineadh ón bhfostaí, nó a aisíocadh leis an bhfostaí, sa tréimhse sin.

Aicme agus fo-aicme ÁSPC

Aicme agus fo-aicme ÁSPC an fhostaí do na seachtainí inárachais a oibríodh sa tréimhse sin.

ÁSPC fostaí íoctha

Suim ÁSPC an fhostaí a asbhaineadh sa tréimhse sin.

ÁSPC an fhostóra

Suim an ÁSPC fostóra a íocadh sa tréimhse sin.

MSU íoctha

Suim an MSU a asbhaineadh nó a aisíocadh sa tréimhse sin.

Buansochair Sláinte (BSS)

Féadfaidh d'fhostaí ranníocaíochtaí a dhéanamh i bplean Buansochair Sláinte  arna cheadú ag na Coimisinéirí Ioncaim. Cuireann an plean seo pá ar fáil d'fhostaithe más gá dóibh stopadh ag obair toisc breoiteachta nó gortaithe.

Féadfaidh siad faoiseamh cánach a éileamh i ndáil leis na ranníocaíochtaí a rinne siad. Níl aon fhaoiseamh ann i dtaca leis an Muirear Sóisialta Uilíoch (MSU) ná Árachas Sóisialta Pá-Choibhneasa (ASPC).

Ba chóir duit aon ranníocaíochtaí Buansochair Sláinte a asbhaint ó phá comhlán d'fhostaí agus Cáin Ioncaim an fhostaí á ríomh agat. Níor chóir duit na ranníocaíochtaí seo a asbhaint ó phá comhlán d'fhostaí nuair atá MSU agus PRSI an fhostaí sin á ríomh agat.

Ar aghaidh: Cé na sonraí eile is gá a chur san áireamh i dtíolacadh párolla?