Ranníocaíochtaí Buansochair Sláinte

Féadfaidh sé go bhfuil tú ag glacadh páirte i scéim chun go leanfaí le d’ioncam sa chás go mbíonn tú as láthair mar gheall ar bhreoiteacht nó díobháil. Scéimeanna is ea iad seo, ar a dtugtar plean leanúnachas ioncaim, a fhéadann a bheith:

  • ina scéimeanna grúpa nó ina bpolasaithe aonair, agus beidh uimhir chláraithe de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim acu
  • ina scéimeanna Buansochar Sláinte ceadaithe nó neamhcheadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim.

Má ghlacann tú páirt i scéim mar sin, féadfaidh sé go bhfuil tú in ann faoiseamh cánach a éileamh faoi chúinsí áirithe.

Chun cáiliú le haghaidh faoiseamh cánach, ní mór don scéim a nglacann tú páirt ann a bheith ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim.

Faoiseamh dlite

Gheobhaidh tú faoiseamh cánach bunaithe ar na préimheanna a d’íoc tú sa bhliain a bhfuil tú ag déanamh éileamh ina leith. Is é a cheadaíonn an faoiseamh ná ceachtar den mhéid seo:

Tá an faoiseamh a fhaigheann tú faoi réir theorainn 10% de d’ioncam iomlán don bhliain chánach. Ní cháilíonn íocaíochtaí leis na scéimeanna seo le haghaidh faoiseamh ó Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC)Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU).

Ranníocaíochtaí fostóra

Féadfaidh d’fhostóir ranníocaíochtaí a dhéanamh le scéim cheadaithe thar do cheann. Ní mór duit MSU a íoc ar na ranníocaíochtaí seo.

Níl feidhm le ÍMAT ná ÁSPC sa chás nach sáraíonn an ranníocaíocht comhiomlán (fostaí agus fostóir) 10% d’ioncam an fhostaí. Ba chóir aon bharrachas os cionn 10% a chur tríd an bpárolla agus ÍMAT agus ÁSPC a íoc ar an tsuim sin.

Nuair is le haghaidh polasaí nó scéim neamhcheadaithe atá na préimheanna, tá na préimheanna a íocann an fostóir incháinithe mar Shochar Comhchineáil.

Cén chaoi le héileamh a dhéanamh

Féadtar an faoiseamh a éileamh i rith na bliana ach na céimeanna seo a leanúint:

  • sínigh isteach ar moChúrsaí
  • cliceáil ar an nasc ‘Bainistigh do cháin 2019-2022’ faoin gcluaisín Seirbhísí ÍMAT
  • roghnaigh ‘Déan éileamh ar creidmheasanna cánach’
  • Roghnaigh ‘Sláinte agus ‘Leanúnachas Ioncaim’.

Chun an faoiseamh a éileamh do bhliain roimhe seo, lean na céimeanna seo a leanas:

Le haghaidh 2019 agus blianta ina dhiaidh:

  • sínigh isteach ar moChúrsaí
  • cliceáil ar an nasc ‘Déan athbhreithniú ar do cháin’ faoin gcluaisín Seirbhísí ÍMAT
  • iarr Ráiteas Dliteanais
  • cliceáil ar ‘Comhlánaigh Tuairisceán Cánach Ioncaim’
  • ar an leathanach ‘Creidmheasanna & Faoisimh Chánach’, roghnaigh ‘Sláinte’ agus ‘Leanúnachas Ioncaim’
  • comhlánaigh an fhoirm agus tíolaic í.

Íocaíochtaí a fhaightear ó scéimeanna Buanárachais Sláinte

Scéimeanna ceadaithe

Ní mór MSU agus ÁSPC a íoc ar íocaíochtaí a fhaigheann tú ó scéimeanna Buanárachais Sláinte. Déanfaidh riarthóir na scéime na hasbhaintí riachtanacha uile.

Má tá tú féinfhostaithe, féadann tú a roghnú go gcaithfí leis na sochair mar chuid de d’ioncam trádála. Ní mór duit na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas taobh istigh de shé mhí ón bpolasaí a thógáil amach ach Foirm PH (5) a chomhlánú.

Scéimeanna neamhcheadaithe

Ní íocfaidh tú cáin ar íocaíochtaí ach amháin má lean siad ar aghaidh ar feadh 12 mhí ar a laghad roimh an mbliain chánach. Ní mór duit ÍMAT agus MSU a íoc ar íocaíochtaí os cionn 12 mhí. Sa chás seo, tá tú freagrach as an gcáin a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim.