Cáin ar shochair fostóra

Léargas ginearálta

De ghnáth, is sochair incháinithe iad sochair a fhaigheann tú ó d’fhostóir. Mar shampla, carranna cuideachta, iasachtaí, préimheanna árachais liachta agus áiseanna cúraim leanaí. An chuid is mó de shochair incháinithe a fhaigheann tú ó d’fhostóir, cuirtear le do phá ar an gcaoi chéanna iad agus gearrtar cáin orthu ar nós gur phá a bheadh iontu.

I measc na sochar fostóra nach bhfuil incháinithe tá pasanna taistil agus rothair a sholáthraítear faoin Scéim um Rothaíocht chun na hOibre.

Ar aghaidh: An chaoi a ngearrtar cáin ar shochair fostóra