Cáin ar shochair fostóra
Sochair neamh-incháinithe fostóra
Is sochair neamh-incháinithe iad na sochair seo a leanas a chuireann d’fhostóir ar fáil:
- lóistín atá saor ó tháille nó atá faoi fhordheontas nuair a iarrann an post go mbeadh cónaí ort sa lóistín (féach Lóistín saor ó tháille nó faoi fhordheontas)
- rothair agus fearas sábháilteachta faoin Scéim um Rothaíocht chun na hOibre
- béilí ceaintín atá saor in aisce nó fóirdheonaithe nuair a chuirtear ar fáil don fhoireann uile iad
- páirceáil carr
- táillí scrúdaithe nó táillí cúrsa nuair atá an cúrsa:
- riachtanach do do dhualgais
- bainteach go díreach le héifeachtúlacht fheidhmíocht do dhualgais a mhéadú
- ranníocaíochtaí pinsin an fhostóra le scéim atá comhaontaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim
- duaiseanna scrúdaithe nuair a bhaineann tú cáilíocht amach atá ábhartha do do dhualgais. (Sa chás go bhfuil méid na duaise ina aisíocaíocht réasúnta ar na costais is dócha a bheadh ort chun an cáilíocht a bhaint amach.)
- víosaí iontrála agus ceadúnais oibre
- trealamh teicneolaíochta faisnéise, lena n-áirítear fóin a chuirtear ar fáil d’úsáid ghnó (nuair is fánach an úsáid phríobháideach)
- duaiseanna fadseirbhíse nuair:
- atá do sheirbhís 20 bliain ar a laghad
- is bronntanas fisiciúil é an gradam (nach airgead, dearbháin, bannaí ná eile é)
- nach dtéann costas an ghradaim thar €50 le haghaidh gach bliain seirbhíse
- seirbhísí liachta, lena n-áirítear:
- nuair a íocann an fostóir táille áirithíochta do liachleachtóir ginearálta
- scrúdú amháin sláinte liachta in aghaidh na bliana
- scrúduithe sláinte liachta ar iarratas an fhostóra
- sócmhainní urrúis nó seirbhísí nuair:
- atá bagairt thromchúiseach do do shábháilteacht phearsanta de bharr an phoist
- is trealamh nó struchtúir iad na sócmhainní urrúis (mar shampla, aláraim, ceamaraí slándála agus geataí slándála), ach nach modhanna iompar, lóistín maireachtála nó talamh iad
- is fánach an úsáid a bhaintear as an tsócmhainn urrúis chun cuspóirí eile
- a fheabhsaíonn na seirbhísí slándála do slándáil phearsanta fhisiciúil
- liúntais bheaga de luach €500 nó níos lú (€250 suas go 21 Deireadh Fómhair 2015) nach bhfuil i bhfoirm airgid tirim agus a thugtar duit uair amháin sa bhliain)
- síntiúis le comhlacht gairmiúil nuair nach bhfuil ballraíocht an chomhlachta riachtanach don phost
- pasanna taistil (féach Pasanna saorthaistil nó aermhílte).
Ar aghaidh: Scéim um Rothaíocht Chun na hOibre