Cáin ar shochair fostóra

Scéim um Rothaíocht chun na hOibre

Spreagann an scéim seo go mbeifí ag rothaíocht chuig an obair agus ón obair. Faoin scéim seo, féadann d’fhostóir rothar agus fearas sábháilteachta a cheannach duit. Ní bheidh an sochar seo inchánach.

Tá trí theorainn ann, ag braith ar an gcineál rothair a cheannaítear:

  • €3,000 ar rothair lasta agus rothair leictreacha lasta.
  • €1,500 ar rothair leictreacha.
  • €1,250 ar rothair eile.

Áirítear fearas sábháilteachta atá ábartha leis na teorainneacha thuas.

Féadtar an ceannach a dhéanamh in aon siopa rothaíochta. Más státseirbhíseach nó seirbhíseach poiblí thú, ní mór don siopa rothaíochta a bheith ar liosta na soláthraithe.

Tabhair do d'aire

Níl feidhm ag an díolúine chánach má íocann tú as an rothar agus má aisíocann d'fhostóir tú. Ní mór do d'fhostóir íoc as an rothar.

Ní gá do d’fhostóir páirt a ghlacadh sa scéim.

Céard atá san áireamh?

Clúdaíonn an scéim:

  • rothair agus rothair leictreacha nua
  • rothair lasta agus rothair leictreacha lasta le fráma atá deartha go speisialta chun ualaí troma nó paisinéirí a iompar.

Ní chlúdaíonn an scéim:

  • gluaisrothair, scútair nó móipéidí
  • rothair nó trealamh dara láimhe
  • codanna rothair nó trealamh bainteach.

Tá an trealamh nua sábháilteachta seo a leanas clúdaithe freisin, má cheannaítear leis an rothar é:

  • Clogaid rothaíochta atá i gcomhréir leis an gcaighdeán Eorpach EN 1078
  • Cloigíní agus bonnáin bholgáin
  • Soilse, pacaí dineamó san áireamh
  • Scátháin agus pludghardaí
  • Fáiscíní rothair agus gardaí gúnaí
  • Painnéir, iompráin bhagáiste agus strapaí
  • Glais agus slabhraí
  • Teannairí, fearais deisithe poill, foireann uirlisí rothaíochta agus séalaithe boinn
  • éadaí frithchaiteacha agus frithchaiteoirí tosaigh bána agus frithchaiteoirí spócaí.

Ní chuirtear suíocháin, clogaid agus leantóirí leanaí san áireamh.

Íocaíocht

Féadann d’fhostóir socrú maidir le ‘géilleadh tuarastail’ a chur i bhfeidhm thar thréimhse aontaithe, nach mairfidh níos faide ná 12 mhí. Sa chás sin, géilleann tú méid comhaontaithe de do thuarastal comhlán chun costas an rothair a chlúdach. Ní íocfaidh tú Cáin Ioncaim, Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) agus Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) ach amháin ar iarmhéid do thuarastail.

Beidh tú díolmhaithe ó cháin ar an tairbhe a bhaineann le costas an rothair suas go dtí na teorainneacha ábhartha sa chás:

  • go gceannaíonn d'fhostóir an rothar
  • agus
  • ní éilíonn d'fhostóir ort íoc as.

Má tá an costas níos mó ná na teorainneacha seo, beidh feidhm ag Cáin Ioncaim, MSU agus ÁSPC maidir leis an mbarrachas.

Cé chomh minic is féidir liom leas a bhaint as an scéim?

Féadtar an scéim a úsáid uair amháin gach ceithre bliana.

Áirítear an bhliain chánach ina gcuirtear an rothar ar fáil mar an chéad bhliain. Mar shampla, má d’úsáid tú an scéim le linn mí áirithe in 2022, féadtar an scéim a úsáid arís ón 1 Eanáir 2026.

Turais cháilitheacha

Ní bhaineann an scéim ach le turais cháilitheacha. Ciallaíonn sé seo an turas iomlán, nó cuid de, idir do theach baile agus do ghnáthionad oibre.

Iarrfaidh d’fhostóir ort ráiteas a shíniú agus an méid seo a shonrú i leith an rothair:

  • gur chun d’úsáide féin é
  • agus
  • go n-úsáidfear é le haghaidh turais cháilitheacha.

Cáin Bhreisluacha (CBL) ar rothair nó trealamh sábháilteachta a ceannaíodh

Ní mór don fhostóir CBL a íoc ar rothair nó ar threalamh sábháilteachta a cheannaítear. Ní féidir le fostóir CBL a éileamh ar ais toisc nach n-úsáidtear an trealamh chun críocha soláthairtí inchánacha.

Taifid Fostóirí

Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, mar chuid de ghnáthchigireachtaí, scrúdú a dhéanamh ar gach taifead i dtaca leis an scéim seo.

Má loictear an scéim a oibriú mar is ceart, tarraingeofar siar na sochair ón bhfostóir agus ón bhfostaí araon.