Do Cháin Ioncaim a ríomh
Cén chaoi a n-oibríonn creidmheasanna cánach
Laghdaíonn creidmheasanna cánach an méid cánach a íocann tú. Ní mór duit cáin a bheith íoctha agat mar gheall ar d’fhostaíocht chun creidmheasanna cánach a úsáid.
Tabhair do d’aire
Féadtar creidmheasanna cánach breise a d’fhéadfadh a bheith dlite duit do 2022 a éileamh. Féadtar éileamh a dhéanamh ach cliceáil ar an nasc ‘Bainistigh do cháin 2022’ in Seirbhísí ÍMAT in moChúrsaí.
Más fostaí thú, tá do chreidmheasanna cánach le feiceáil ar do Dheimhniú Creidmheasanna Cánach.
Cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim do chreidmheasanna cánach iomlána in iúl do d’fhostóir. Ní thabharfaidh na Coimisinéirí Ioncaim miondealú dóibh ar do chreidmheasanna cánach, gan ach an méid iomlán. Úsáidfidh d’fhostóir é seo chun an méid cánach atá le hasbhaint ó do phá a ríomh.
Faoin gcóras Íoca Mar a Thuillir (ÍMAT), roinntear creidmheasanna cánach go cothrom i rith na bliana. Má tá tú ag obair don bhliain iomlán, déanfar do chreidmheasanna cánach a roinnt ar na bealaí seo a leanas:
- 52 suimeanna cothroma seachtainiúla, má íoctar go seachtainiúil thú
- 26 suimeanna cothroma coicísiúla, má íoctar go coicísiúil thú
- 12 suimeanna cothroma míosúla, má íoctar go míosúil thú
- 13 suimeanna cothroma, má íoctar gach ceithre seachtaine thú.
Má tá dara post nó fostaíochtaí iolracha agat, féadfaidh tú do chreidmheasanna cánach a roinnt eatarthu. Féadtar é seo a dhéanamh trí chliceáil ar an nasc ‘Bainistigh do cháin 2022’ sna seirbhísí ÍMAT i moChúrsaí.
Creidmheasanna cánach neamhúsáidte
Tugtar creidmheasanna cánach neamhúsáidte i dtréimhse pá ar aghaidh go dtí tréimhse nó tréimhsí pá níos déanaí sa bhliain chánach chéanna.
Ní fhéadtar:
- aisíocaíocht a fháil ar chreidmheasanna cánach neamhúsáidte
- creidmheasanna cánach neamhúsáidte a thabhairt ar aghaidh chuig bliain chánach eile
- Sampla 1
Is duine singil agus fostaí ÍMAT í Damhnait. Tá sí i dteideal Creidmheas Cánach do Dhuine Singil agus an Creidmheas Cánach Fostaí a éileamh.
Creidmheasanna cánach Dhamhnait le haghaidh 2022
Creidmheasanna
|
Suim
|
Creidmheas Cánach do Dhuine Singil
|
€1,700
|
Creidmheas Cánach Fostaí
|
€1,700
|
Iomlán na gcreidmheasanna cánach
|
€3,400
|
Tá creidmheasanna cánach seachtainiúla de €65.39 ag Damhnait (€3,400/52). Chuir na Coimisinéirí Ioncaim a fostóir ar an eolas faoin méid seo.
- Sampla 2
Is fostaí ÍMAT é Séamus. Tá sé pósta le Clár agus gearrtar cáin air faoi mbonn measúnaithe chomhpháirtigh. Níl ioncam ag Clár. Tá leanaí cleithiúnacha acu agus faigheann Clár Sochar Linbh ar a son.
Féadfaidh Séamus éileamh a dhéanamh ar an Creidmheas Cánach do Dhuine Pósta, an Creidmheas Cánach Fostaí agus an Creidmheas Cánach do Chúramóir Baile a éileamh.
Creidmheasanna cánach Shéamuis le haghaidh 2022
Creidmheasanna
|
Luach
|
Creidmheas Cánach Duine Pósta
|
€3,400
|
Creidmheas Cánach Fostaí
|
€1,700
|
Creidmheas Cánach do Chúramóir Baile
|
€1,600
|
Iomlán na gcreidmheasanna cánach
|
€6,700
|
Tá creidmheasanna cánach seachtainiúla de €128.85 ag Séamus (€6,700/52). Chuir na Coimisinéirí Ioncaim a fostóir ar an eolas faoin méid seo.
Ar aghaidh: Céard is Deimhniú Creidmheasanna Cánach ann?