Tréimhsí dífhostaíochta

Creidmheasanna cánach a aistriú chuig céile nó chuig páirtnéir sibhialta

Féadfaidh sé go bhfuil túdífhostaithe agus go bhfuil tú faoin mbonn measúnaithe chomhpháirtigh, agus go bhfuil do chéile nó páirtnéir sibhialta ag íoc cánach
faoin mbonn Íoc Mar A Thuillir (ÍMAT). Más amhlaidh, féadfaidh sé go mbeidh tú in ann do chreidmheasanna cánach neamhúsáidte a aistriú chuig do chéile nó chuig do pháirtnéir sibhialta. Méadóidh sé seo a gcuid creidmheasanna cánach agus ísleofar an méid cánach is gá dóibh a íoc.

An bealach is tapúla agus is éasca chun é seo a dhéanamh ná trí úsáid a bhaint as moChursaí:

  • sínigh isteach ar moChúrsaí
  • roghnaigh 'Bainistigh do cháin 2023' in Seirbhísí ÍMAT
  • cliceáil ar Cuir in Eagar in 'An chaoi atá do chreidmheasanna cánach agus do bhandaí ráta roinnte faoi láthair'.

Féadfaidh tú freisin teagmháil a dhéanamh le d'oifig áitiúil de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim chun é seo a shocrú.

Ar aghaidh: Céard a tharlaíonn nuair a fhilleann tú ar an obair