Tréimhsí dífhostaíochta

Céard a tharlaíonn nuair a fhilleann tú ar an obair?

Ba chóir do d’fhostóir nua na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas nuair a thosaíonn tú do phost nua.

Ba chóir duit muid a chur ar an eolas faoi aon íocaíochtaí a fhaigheann tú ón An Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) le linn na bliana. Féadfaidh sé go gcuirfidh muid roinnt ceisteanna eile ort chun cabhrú linn do chuid creidmheasanna cánach a oibriú amach.

Beidh tú in ann breathnú ar do Dheimhniú Creidmheasanna Cánach in Seirbhísí ÍMAT ('Bainistigh do cháin 2024') in moChúrsaí agus beidh sé ar fáil taobh istigh de dhá lá oibre. Cuirfear Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim ar fáil, ar iarratas ó d’fhostóir. Bainfidh siad úsáid as seo chun do Cháin Ioncaim agus do Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) a ríomh.

Ar aghaidh: An cánachas ar Shochar Cuardaitheora Poist agus ar Shochar Cuardaitheora Poist (féinfhostaithe)