Tréimhsí dífhostaíochta

Cánachas ar éilimh Cuardaitheora Poist ghearrthéarmaigh

D'fhéadfadh fostaithe áirithe atá ag obair san earnáil oideachais, mar shampla, Cúntóirí Riachtanas Speisialta, cáiliú le haghaidh íocaíochtaí Sochair Cuardaitheora Poist le linn laethanta saoire na scoile. Tá na híocaíochtaí seo faoi réir Cáin Ioncaim, ach níl siad faoi réir Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) ná Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC).

Chun an tsuim cheart Cánach Ioncaim atá dlite a bhailiú, is gá do chéad íocaíocht Sochair Cuardaitheora Poist a bhliantúlú. Laghdófar do creidmheasanna cánach agus bandaí ráta ar Bhonn Sheachtain 1

Eiseofar Deimhniú Creidmheasanna Cánach nua chugat leis na hathruithe seo á léiriú. Cuirfidh muid Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) athbhreithnithe ar fáil do d’fhostóir freisin ar a léirítear na creidmheasanna cánach agus bandaí ráta iomlán leasaithe.

Gheobhaidh muid fógra nuair a dhúntar d’éileamh ón An Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS). Cuirfidh muid do ghnáth chreidmheasanna cánach agus do bhanda ráta ar ais ansin, agus cuirfimid DCC nua chugat. Cuirfear FPCI nua ar fáil do d'fhostóir freisin.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar Cháin ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh.

Tabhair do d’aire

Tarlaíonn an malartú faisnéise idir na Coimisinéirí Ioncaim agus an RCS ar bhonn seachtainiúil. Féadtar go mbeidh moill ghearr ar nuashonrú an eolais i leith na híocaíochta Sochair Cuardaitheora Poist chuig do thaifead leis na Coimisinéirí Ioncaim.