Cánachas ar íocaíochtaí ón RCS

Léargas ginearálta

Go hiondúil, is foinsí inchánach ioncaim iad íocaíochtaí ón Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) ach amháin sa chás go bhfuil siad díolmhaithe go sonrach ó cháin. Sa rannán seo, liostaítear na híocaíochtaí atá díolmhaithe ó cháin agus na híocaíochtaí inchánach.  Ina theannta sin, mínítear conas a ríomhtar cáin ar íocaíochtaí inchánach.

Gheobhaidh na Coimisinéirí Ioncaim fógra ón RCS nuair a dhúnfar d'éileamh. Tabhair faoi deara go bhféadfadh sé seo suas le ceithre seachtaine a thógáil agus nach gá teagmháil a dhéanamh linn faoi. Nuair a bheidh an fógra dúnta faighte againn, déanfar an méid seo a leanas ansin:

  • cuirfear na creidmheasanna cánach agus banda ráta atá fágtha agat ar ais
  • agus
  • eiseofar Deimhniú Creidmheasanna Cánach (DCC) nua chugat.

Cuirfear Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) nua ar fáil do d’fhostóir freisin.

Tá na híocaíochtaí inchánach faoi réir Cánach Ioncaim ach níl siad faoi réir Muirear Sóisialta Uilíoch (MSU) ná Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasta (ÁSPC).

Tabhair do d'aire

Má fhaigheann tú íocaíocht ón RCS nach dtuairiscíonn siad go díreach do na Coimisinéirí Ioncaim, ní mór duit an t-ioncam seo a dhearbhú dúinn.

Ar aghaidh: Íocaíochtaí ón RCS is gá a dhearbhú